Athrú Úsáide - Tráchtála go Cónaitheach

Ní mór an t-athrú úsáide, agus aon oibreacha gaolmhara, tarlú idir an tráth a tháinig Rialachán 2018 i bhfeidhm an 8 Feabhra 2018 go dtí an 31 Nollaig 2025. Dá bhrí sin, cé gur forbairt bhuan a bheidh san fhorbairt dhíolmhaithe, ní féidir leas a bhaint as an díolúine ach ar feadh tréimhse shealadach.

75/2022 - Leasaigh Rialacháin an Achta um Pleanáil agus Forbairt (Forbairt Dhíolmhaithe), 2022 Airteagal 10 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt arna leasú le hIonstraim Reachtúil Uimh. 30 de 2018, chun díolúine a sholáthar d'athrú úsáide, agus d'aon oibreacha gaolmhara, d'áitribh tráchtála fholmha áirithe chun cónaithe gan gá le cead pleanála a fháil. Baineann an leasú le foirgnimh atá ann cheana féin a bhfuil úsáid tráchtála reatha acu agus a thagann faoi Aicme 1, 2, 3, agus 6 nó 12 de Chuid 4 a ghabhann le Sceideal 2 de na Rialacháin.

Ní mór an t-athrú úsáide, agus aon oibreacha gaolmhara, tarlú idir an tráth a tháinig Rialachán 2018 i bhfeidhm an 8 Feabhra 2018 go dtí an 31 Nollaig 2025. Dá bhrí sin, cé gur forbairt bhuan a bheidh san fhorbairt dhíolmhaithe, ní féidir leas a bhaint as an díolúine ach ar feadh tréimhse shealadach.

Ní mór sonraí na forbartha a chur in iúl i scríbhinn d'údarás pleanála 2 sheachtain ar a laghad roimh thús an athraithe úsáide beartaithe, agus oibreacha gaolmhara, agus ní mór faisnéis maidir le suíomh agus sonraí na n-aonad cónaithe atá á bhforbairt a bheith san áireamh san fhógra. The planning authority is required to maintain a record of any notifications received; make the record publicly available online and at their office; and submit annual returns to the Minister detailing the notifications received.

Ní mór d'aon duine a bheartaíonn leas a bhaint as an díolúine seo chun úsáid tráchtála go húsáid chónaithe a athrú foirm fógra Chomhairle Cathrach & Contae Luimnigh a líonadh agus na coinníollacha agus na teorainneacha ábhartha atá leagtha amach san fhoirm a chomhlíonadh.

Ba chóir a thabhairt faoi deara nach gcuireann foráil díolúine deireadh leis an gceanglas cloí leis na rialacháin tógála ná le haon chód eile. Is ar úinéirí, dearthóirí agus tógálaithe foirgneamh atá an phríomhfhreagracht as comhlíonadh na Rialachán Foirgníochta.

This service is provided by

Planning Development

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Dooradoyle, Limerick V94 XF67