Tacaíochtaí Leasa agus Cóiríochta

Mar fhreagra ar na heachtraí tuilte leanúnacha, tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag obair go dlúth leis an Roinn Coimirce Sóisialaí agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun a chinntiú go bhfuil tacaíocht á tabhairt do theaghlaigh a bhfuil cúnamh de dhíth orthu in am atá an-deacair dóibh. 

Tabharfaidh foireann na Comhairle agus na Roinne Coimirce Sóisialaí cuairt ar aon teaghlach a dteastaíonn cúnamh uathu le cóiríocht agus/nó tacaíochtaí leasa chun na tacaíochtaí riachtanacha a shocrú.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag freagairt agus ag soláthar tacaíochtaí maidir le haon cheisteanna sláinte nó riachtanas speisialta a thagann aníos.

Leanfaidh an Chomhairle, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Roinn Coimirce Sóisialaí ag obair go dlúth lena chinntiú go gcuirfear cóiríocht chuí, tacaíochtaí sláinte agus leasa ar fáil dóibh siúd go léir a dteastaíonn cúnamh uathu.

Le haghaidh tuilleadh sonraí, déan teagmháil le do thoil lenár Uimhir Theileafóin Tacaíochta Tuilte ar +353 61 407100.

This service is provided by

Fire and Emergency Services

Phone +353 61 556859
Location
Limerick City and County Council, Lissanalta House, Dooradoyle Road, Dooradoyle, Limerick, V94 WV78