Luimnigh 2030 - Plean Eacnamaíoch agus Spáis do Luimneach

Tá os cionn €1 billiún á infheistiú ag Luimneach san fhiontraíocht agus sa bhonneagar mar chuid de Limerick 2030 Vision: An Economic and Spatial Plan for Limerick (Fís Luimnigh 2030: Plean Eacnamaíoch agus Spásúlach do Luimneach), plean gníomhaíochta 20 bliain, a bhfuil sé mar aidhm aige Luimneach a bhunathrú trí Chathair Luimnigh agus Réigiún an Mheán-Iarthair níos leithne máguaird a n-athbheochan go heacnamaíoch, go sóisialta agus go fisiciúil.

  • One Opera Square CGI

Is creat eacnamaíoch agus spásúil é Plean Luimnigh 2030 maidir le hathfhorbairt agus le fás Lár Chathair Luimnigh a foilsíodh sa bhliain 2013. Déantar anailís san athbhreithniú agus san uasdátú ar dhul chun cinn an phlean thar an chéad seacht mbliain agus déantar an plean a uasdátú le spriocanna agus moltaí nua chun an chathair agus an contae a thabhairt suas go dtí an bhliain 2030.

Déanann an plean uasdátaithe seo na bunchuspóirí agus uaillmhianta na dtionscadail sa phlean Luimnigh 2030 a leathnú. Díríonn an cháipéis seo ar theacht i gcomhar leis an mbéim sa bhunphlean ar shuíomhanna agus ar thionscadail bunathraithe, chomh maith leis na tionscadail atá ag teacht chun cinn agus le réimsí na ndeiseanna a ghabháil.

Tá dul chun cinn suntasach bainte amach ó seoladh an Plean sa bhliain 2013, agus fógraíodh os cionn 20,300 post nua ó shin i leith. Thar an tréimhse suas go dtí an bhliain 2030, d’fhéadfaí suas le 30,000 post a chruthú sa chathair agus ina cuid bruachbhailte agus suas le 12,500 post sa chontae.

Íoslódáil Limerick 2030 Vision: An Economic and Spatial Plan for Limerick anseo.

Íoslódáil an tAthbhreithniú Eatramhach agus an t-Uasdátú ar Phlean Luimnigh 2030 anseo.

Sé príomhghné seachadadh an phlean ná an fhorbairt – arna déanamh ag Limerick Twenty Thirty Strategic Development DAC - ar roinnt suíomhanna straitéiseacha arna maoirsiú ag foireann Luimnigh Twenty Thirty. Déanfaidh na suíomhanna seo Lár na Cathrach a athbheochan agus caighdeán na forbartha a ardú.

Leagann an tAthbhreithniú Eatramhach agus an t-Uasdátú ar Phlean Luimnigh 2030 creat amach a thugann an fhorbairt eacnamaíoch agus an phleanáil spásúlachta le chéile le margaíocht shaincheaptha mar thaca aige. Is glao leanúnach é ar ghníomhaíocht na hearnála poiblí agus ar infheistíocht ón earnáil phríobháideach suas go dtí an bhliain 2030.

Cuireann an straitéis creat níos leithne an chumasúcháin agus na tacaíochta téamacha ar fáil freisin chun tacú le bunuaillmhianta an Bhun-Phlean. Aithníodh roinnt forbairt deiseanna straitéiseacha lena n-áirítear ag Ceathrú Cois Abhann Cleeves, ag Ceathrú Colbert, sa Comharsanacht Sheoirseach, ag Tionscadal Cearnóg an Opera, ag Cé Artúir, ag Campas Lár-Chathrach OL, ag Ceathrú Debenham/Penny's, i nDuganna Thaobh na Cathrach, ag Sráid an Chláraigh, ag Foirgneamh na gCoimisinéirí Ioncaim, agus sna páirceanna gnó sa Chaisleán Nua Thiar agus i gCill Mocheallóg. I measc na suíomhanna de chuid Luimneach 2030, tá Ceathrú Cois Abhann Cleeves, Cearnóg an Opera, agus Gardens International agus, roimhe sin,  bhí Stiúideo Uí Threoigh. Tá tuilleadh faisnéise faoi thionscadail ar leith Limerick 2030 ar fáil ag https://limerick2030.ie/portfolio/