Liosta de Mheasúnóirí Suímh do Chórais Chóireála Fuíolluisce Baile (DWWTS) lena n-áirítear Dabhcha Shéarachais

Scrúdaíonn Measúnóirí Suímh suíomhanna chun a chinneadh an bhfuil siad oiriúnach do chóras cóireála fuíolluisce tí nó dabhach shéarachais, agus cén cineál córais is cuí.

Coinníonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh liosta le measúnóirí suímh a bhfuil a leanas acu:

  • Teastas Dearbhaithe Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, nó FETAC i Measúnú ar Oiriúnacht Suímh do na córais cóireála fuíolluisce ar an suíomh
  • Árachas slánaithe gairmiúil suas chun dáta agus go dtugtar fianaise den chéanna do Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
  • Cloí le cód iompair ghairmiúil Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

Tá an liosta seo ar oscailt d’aon duine a chloíonn leis na critéir sin agus ar mian leo a bheith curtha ann.

Féach liosta measúnóirí suímh sna cáipéisí tacaíochta ag deireadh an leathanaigh seo.

D’fhéadfadh go bhfuair iarratasóirí pleanála measúnú ar a suíomh ag daoine difriúla uathu sin atá sa liosta, ach deirtear leo gur fearr dóibh deimhniú go bhfuil cáilíocht agus árachas cuí ag a measúnóir suímh. 
 

Clárúchán Córais Cóireála Fuíolluisce Baile (DWWTS) lena n-áirítear Dabhcha Shéarachais

De réir Achta Seirbhísí Uisce (Leasú) 2012, ní mór d’údaráis seirbhísí uisce taifead a choinneáil ar na córais cóireála fuíolluisce sa bhaile ina limistéir feidhme. D’fhorbair Gníomhaireacht Bhainistíochta an Rialtais Áitiúil (LGMA) córas clárúchán lárnach ar líne agus tabharfaidh sé bainistíocht ar an gcóras ar bhonn seirbhíse roinnte d’údaráis seirbhíse uisce.

Faoi réir an Achta, iarrtar ar úinéirí córais cóireála fuíolluisce sa bhaile a chinntiú go bhfuil a gcórais ar an taifead. Cabhróidh do chúnamh chun uiscí talaimh agus dromchla na hÉireann a chosaint.

Ba chóir gach córais cóireála fuíolluisce sa bhaile (DWWTS) lena n-áirítear dabhcha shéarachais a chlárú go dtí 1ú Feabhra 2013. Ba chóir do gach córais cóireála fuíolluisce sa bhaile (DWWTS) lena n-áirítear dabhcha shéarachais suiteáilte i ndiaidh 1ú Feabhra 2013 clárú laistigh 90 lá ó nascadh an áitribh leis an gcóras cóireála fuíolluisce sa bhaile.

Conas Clárú?

Is féidir foirmeacha clárúcháin a íoslódáil ó shuíomh Cosain Ár nUisce, cliceáil anseo.
Táille clárúcháin: €50

Is féidir foirmeacha clárúcháin a fháil freisin ó Sheirbhísí do Chustaiméirí.

Seirbhísí do Chustaiméirí

Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

Fón: +353 61 556000

Is féidir le úinéirí tí clárú i gceann de na bealaí a leanas:

  • Clárú agus íocadh ar líne, cliceáil anseo.
  • Clárú agus íocadh trí Phost, ach d’iarratas a sheoladh chuig:
    Cosain Ár nUisce
    PO Box 12204
    Baile Átha Cliath 7 
     

Le do thoil NÁ seol airgead trí phost.

Ba chóir Seiceanna, Dréacht Bainc nó Orduithe Poist a dhéanamh le Cosain ár nUisce, Bosca PO 12204, Baile Átha Cliath 7.

Is féidir sonraí an chárta dochair/creidmheasa a chur isteach ar an gcuid ábhartha den fhoirm.
 

  • Seoltar foirm comhlíonta agus táille chuig oifig airgid i d’údarás áitiúil.

Le haghaidh ceisteanna coitianta ar an táille thuas, cliceáil anseo.
 

Iniúchtaí na Daibhche Shéarachais

Déantar iniúchtaí chun a chinntiú nach féidir le córais cóireála fuíolluisce baile (DWWTS), lena n-áirítear dabhcha shéarachais agus gléasraí cóireála, riosca a chothú do shláinte daonna agus don timpeallacht. Tá úinéirí DWWTS faoi oibleagáid a gcórais a oibriú agus a choinneáil mar is cuí de réir riachtanais Achta Seirbhísí Uisce 2007 agus Achta Seirbhísí Uisce (Leasú) 2012.

Grafaic Eolais ar Dhabhair ShéarachaisTank Infographic

Plean Iniúchta Náisiúnta

Rinne EPA Plean Iniúchta Náisiúnta, de réir riachtanais Achta Seirbhísí Uisce (Leasú) 2012.

Luann an plean an cur chuige glactha maidir le iniúchtaí. Tugann an plean leagan amach ar chur chuige dhá phlocóid a dhíríonn ar fheasacht agus freagracht an úinéara a ardú, agus ar an bpróiseas iniúchta.

Iniúchtaí

Is é targaid iniúchta Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh don chéad 12 mí romhainn ná 52 faoi Phlean Iniúchta Náisiúnta. Bunaítear na réimsí a ndéantar iniúchtaí orthu ar an riosca don timpeallacht. Rinne an GCC léarscáileanna riosca don tír ar fad bunaithe ar dhóchúlacht truaillithe nó riosca don sláinte daonna, trí charnadh camrais ar an talamh, nó é ag dul isteach i dtobair. Bunaithe ar thosaíochtaí náisiúnta, aithníonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh áitribh le iniúchadh laistigh gach catagóire riosca go randamach.

  • Tabharfar fógra do thithe i scríbhinn ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh roimh ré maidir le iniúchadh á dhéanamh.
  • Ní bheidh ach iad sin a fuair iniúchadh agus a theip ar an iniúchadh incháilithe i gcomhair scéime deontais daibhche shéarachais.
  • Le bheith incháilithe don deontas, ní mór duit iniúchadh a fháil déanta ar do dhabhar shéarachais ag d’Údarás Áitiúil agus do chóras a bheith cláraithe roimh an 1 Feabhra 2013 (nó laistigh 90 lá ó nascaíodh é dóibh sin tógtha i ndiaidh 1 Feabhra 2013), agus a bheith incháilithe faoi chritéir ordaithe ag an Aire.

Bíonn úinéir córais cóireála fuíolluisce baile (lena n-áirítear dabhcha shéarachais) freagrach as a chothabháil agus athnuachan agus ní mór dó a chinntiú go bhfuil gach páirteanna agus comhpháirteanna oiriúnach don chuspóir, agus coinneáilte i ndea-ord agus deisithe, chun riosca ar shláinte daonna nó don timpeallacht a chosc.

Is leatsa an freagracht, mar úinéir tí, a chinntiú go ndéantar seirbhísiú agus folmhú go rialta ar do chóras cóireála fuíolluisce. Ní mór dó a bheith folmhaithe ag sealbhóir ceadúnais cláraithe. I gcomhair liosta sealbhóirí ceadúnais údaraithe chun sloda do dhabhar shéarachais a bhaint (folmhú), cliceáil anseo.

I gcomhair a thuilleadh eolais, cliceáil ar an nasc a leanas do leathanach na Roinne Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ar Chórais Cóireála Fuíolluisce Baile (Dabhcha Shéarachais) lena n-áirítear faisnéis maidir le cúnamh airgeadais i bhfoirm deontais ar fáil.

https://www.housing.gov.ie/water/water-quality/domestic-waste-water-systemsseptic-tanks/domestic-waste-water-treatment-1