Nochtuithe Cosanta

Cuireann An tAcht um Nochtadh Cosanta 2014, arna leasú ag an tAcht um Nochtadh Cosanta 2022, ceangal ar gach údarás áitiúil nósanna imeachta a bhunú agus a chothabháil chun nochtaí cosanta a dhéanamh agus chun déileáil leo faoin reachtaíocht.

Is creat é Nochtaí Cosanta a chosnaíonn oibrithe sna hearnálacha poiblí, príobháideacha agus neamhbhrabúis má labhrann siad amach faoi, nó má ardaíonn siad cúiseanna imní, maidir le héagóir san ionad oibre.

Is féidir le hoibrithe éagóir a thuairisciú go hinmheánach dá bhfostóir nó go seachtrach do thríú páirtí, ar nós duine forordaithe. Is é príomhchuspóir na reachtaíochta um Nochtadh Cosanta ná  forbairt cultúir dhearfaigh san ionad oibre a chur chun cinn agus a spreagadh ina gcuirtear luach ar chúiseanna imní a ardú maidir le héagóir a d’fhéadfadh a bheith ann, agus ina ndéanann fostóir gníomh cuí mar fhreagra ar nochtaí dá leithéid. 

Nuair atá beartais agus nósanna imeachta cuí i bhfeidhm cuirtear ardán sábháilte ar fáil d’oibrithe ar mian leo nochtadh cosanta a dhéanamh chun é sin a dhéanamh agus iad muiníneach go bhfuil cosaintí an Achta acu.

Tá beartas agus nós imeachta na Comhairle chun déileáil le nochtaí den sórt sin leagtha amach thíos.