Prótacal le haghaidh Cuirí chun an Mhéara

Tá sé mar aidhm ag na treoirlínte agus an fhaisnéis seo a leanas eolas agus cúnamh a thabhairt d’eagraíocht nó do ghrúpa ar mian leo cuireadh a thabhairt do Mhéara Chathair agus Chontae Luimnigh freastal ar ócáid.

Ceanglaítear ar an Óstaigh na treoirlínte seo a chomhlíonadh a mhéid is indéanta. Bainfidh na treoirlínte freisin le Comhalta den Chomhairle a bheidh ina ionadaí thar ceann an Mhéara, nó a dhéanfaidh ionadaíocht ar shlí eile don Mhéara.

Cuirí

  1. Ba chóir gnáth-foirm (ar fáil le híoslódáil thíos) a chomhlánú go hiomlán ag tabhairt sonraí faoin ocáid, faoin eagraíocht, srl. agus faoi leibhéal rannpháirtíochta an Mhéara. Ba cheart faisnéis eile dá leithéid a mheastar a bheith ábhartha a sholáthar freisin.
  2. Ba chóir cuirí chuig ócáidí nó imeachtaí srl. a sheoladh, i gcóip chrua, chuig - An Rúnaí, Oifig an Mhéara, Cé na gCeannaithe, Luimneach, nó go leictreonach chuig - mayor@limerick.ie.
  3. I bhfianaise na n-éileamh ar an Oifig agus chun sceidealú Dhialann an Mhéara a éascú, ba cheart don Óstach fógra leordhóthanach (ceithre seachtaine ar a laghad de ghnáth) a thabhairt.

Fáiltiú

  1. Ní mór don Óstach a chinntiú go gcuirtear spás páirceála áisiúil in áirithe do charr an Mhéara.
  2. Ba chóir don duine atá freagrach bualadh leis an Méara nuair a shroicheann sé/sí bealach isteach an fhoirgnimh, agus é/í a thionlacan chuig a (h)áit.
  3. Ba cheart an Méara a chur in aithne don Óstach, do phrionsabail na heagraíochta / ghrúpa, do dhaoine mór le rá eile, agus do dhaoine eile a mheastar a bheith riachtanach.
  4. In aon socrú suíocháin, is gnách go mbeidh an áit a chuirtear in áirithe don Mhéara ar dheis láithreach an Óstaigh / an duine atá i gceannas.

Tosaíocht

  1. Beidh tosaíocht ag an Méara i ngach áit sa Chathair agus sa Chontae, ach amháin nuair a bheidh Uachtarán na hÉireann i láthair.
  2. I gcás go bhfuil Comhalta eile den Chomhairle ina ionadaí, nó ag déanamh ionadaíochta ar shlí eile don Mhéara, ba chóir tosaíocht an Mhéara a thabhairt dó/di.
  3. Má bhíonn ar an Méara labhairt ag ócáid ar bith, ba chóir go ndeimhneodh an cuireadh tosaigh ón eagraíocht/grúpa é sin. Seachas réamhrá an Óstach, is gnách gurb é an Méara an chéad chainteoir nó go bhfuil baint aige leis an gcéad buíochas.

Teideal

Is é Mayor nó Mhéara an teideal ceart do Chéad Saoránach na cathrach agus an chontae

Conclúid

Ag deireadh na hócáide, ba chóir don Óstach nó do dhuine freagrach eile an Méara a thionlacan chuig a charr nó a carr.

Foirm Iarratais

Más mian leat cuireadh a thabhairt don Mhéara chuig ócáid íoslódáil agus comhlánaigh, le do thoil, an fhoirm Prótacail Tinrimh sna doiciméid tacaíochta ag deireadh an leathanaigh seo agus seol ar ais chuig mayor@limerick.ie í nó seol sa phost chuig Oifig an Mhéara í.

Eolas Teagmhála

Oifig an Mhéara
Cé na gCeannaithe
Luimnigh
V94 EH90 Fón: +353 61 557334   
Ríomhphost: mayor@limerick.ie

Download the latest documents