Plean Ceantar Áitiúil Cill Mocheallóg

Fógra Maidir le Leasú Uimh.1 ar Phlean Ceantar Áitiúil Chill Mocheallóg 2019 - 2025.

De bhun Alt 20 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) tugtar fógra leis seo gur ullmhaigh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Leasú Uimh.1 ar Phlean Ceantar Áitiúil Chill Mocheallóg 2019-2025

Cuimsíonn an leasú atá beartaithe athrú ar chriosú ó "Limistéar Forbartha Cónaithe" go "Fiontar agus Fostaíocht". Éilíonn an t-athrú criosaithe seo leasú ar an ráiteas scríofa agus ar na léarscáileanna araon agus tá Tuarascáil Scagthástála don Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta, Scagadh ar Mheasúnacht Chuí agus cinntí gaolmhara ag gabháil leis.

Is féidir iniúchadh a dhéanamh ar chóip de na doiciméid seo idir 17 Feabhra 2024 agus 2  Aibreán, an dá lá san áireamh, agus seachas Laethanta Saoire Bainc, ag na hionaid seo a leanas:

  • Ceanncheathrú Chorparáideach, Cé na gCeannaithe, Luimneach;
  • Halla an Chontae, Tuar an Daill, Luimneach;
  • Oifig Cheantair Bardasach Na Ceapai Móire-Chill Mocheallóg, Áras Mainchin Seoighe, Millmount, Kilmallock, V35HC97
  • An Leabharlann Láir i gCathair Luimnigh, Teach Barrow, Sráid Mhichíl, Luimneach;
  • Leabharlann   Cill Mochellóg,
  • Ar líne ag www.limerick.ie

Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (MST):
Agus an Treoir MST (2001/42/CE) agus na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004 go 2011 á gcomhlíonadh, ullmhaíodh an  Tuarascáil scagtha ar Mheasúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MST) agus Cinneadh a ghabhann leis an Leasú seo .

Measúnú Cuí:
I gcomhréir le riachtanais Airteagal 6 de Threoir an AE maidir le Gnáthóga 92/43/CEE, ullmhaíodh an Scagadh agus Cinneadh Measúnaithe Cuí a ghabhann leis an Leasú seo    .

Is féidir aighneachtaí/tuairimí a dhéanamh mar a leanas:

 • Ar líne ag https://mypoint.limerick.ie/

• rPhost chuig forwardplanning@limerick.ie nó

• I scríbhinn chuig an Stiúrthóireacht um Pleanáil, Comhshaol agus Comhfhorbairt Áite, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Cé na gCeannaithe, Luimneach.

Déan do chuid aighneachta trí mheán amháin, sé sin, i gcóip chrua, ar líne nó trí rPhost. Luafaidh aon aighneacht nó tuairim agat d’ainm agus, más cuí, an chomhlacht nó an eagraíocht a bhfuil ionadaíocht á déanamh agat uirthi. Is féidir le leanaí nó le grúpaí nó cumainn a dhéanann ionadaíocht ar leasanna leanaí aighneacht nó tuairimí a dhéanamh ar an  Leasú Uimh.1

Measfar ar gach aighneacht nó tuairim ata déanta faoi 2 Aibreán 2024 maidir leis an leasú agus na tuarascála  timpeallachta  a bhaineann leis, roimh déanamh an leasú. 

Foilseofar gach aighneacht a fhaigheann an tÚdarás Pleanála ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh laistigh de 10 lá oibre tar éis á bhfáil, in éineacht le d’ainm de réir an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú). Ná cuir faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair eile ar bith san áireamh leis an aighneacht.

Tabhair faoi deara go bhfuil tú ag glacadh le beartas RGCS na Comhairle nuair a chuireann tú do chuid shonraí teagmhála ar fáil.

Má tá aon cheist agat maidir lena leithéid thuas, déan teagmháil le Pleanáil Chun Chinn ag (061) 557029 nó trí forwardplanning@limerick.ie

Vincent Murray,
Stiúrthóir na Seirbhísí,
An Stiúrthóireacht um Pleanáil, Comhshaol agus Comhfhorbairt Áite

This service is provided by

Forward Planning

Phone +353 61 556000