Plean Ceantar Áitiúil Caisleán Uí Chonaill

Tugtar fógra leis seo go bhfuil sé measta ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, de bhun fhorálacha an Achta thuas, go bhfuil Plean Ceantair Áitiúil Chaisleán Uí Chonaill 2023-2029, ar ghlac Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh leis an 17ú Aibreán 2023, déanta anois. Tagann an Plean Ceantair Áitúil i bhfeidhm ón 29ú Bealtaine 2023.

Is féidir cóip den Phlean Ceantair Áitiúil mar aon leis na tuarascálacha gaolmhara a iniúchadh in Oifigí Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i gCé na gCeannaithe, go laethúil (gan laethanta saoire poiblí san áireamh) ón Luan go hAoine idir 9.00rn agus 5.00in. 

Is féidir cóip den Phlean a iniúchadh freisin sna Leabharlannaí Poiblí i dTuar an Daill agus i Leabharlann Chathair Luimnigh le linn gnáthuaireanta oscailte.

Tá an Plean ar fáil ar láithreán gréasáin na Comhairle freisin ag www.limerick.ie.

Is féidir an Plean a cheannach ar chostas €25.00 ón Stiúrthóireacht Pleanála, Comhshaol, agus Comhfhorbairt Áite, Cé na gCeannaithe, Luimneach.

This service is provided by

Forward Planning

Phone +353 61 556000