Deontas Ardoideachais

Déanfar gach iarratas NUA ar líne chuig údarás dámhachtana amháin, SUSI (Student Universal Support Ireland), trí www.susi.ie.

Tá deasc Tacaíochta SUSI ar fáil ag support@susi.ie, nó le haghaidh ceisteanna teileafóin ag 0761 08 7874 le linn uaireanta oifige.

Leanfaidh Rannóg na nDeontas Ardoideachais, Comhairlí Cathrach agus Contae Luimnigh ar aghaidh ag measúnú agus ag íoc leis na mic leinn siúd atá ag fáil deontas ó Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh faoi láthair agus atá ag dul ar aghaidh chuig an chéad bhliain eile den chúrsa céanna.

Eiseofar foirm athnuachana do mhic léinn reatha i mí an Mheithimh. Má tá tú ag athrú do chúrsa, nó ag dul ar aghaidh go cúrsa nua, beidh ort iarratas a dhéanamh chuig córas ar líne SUSI.

Eolas Teagmhála

Rannóg na nDeontas Ardoideachais
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Cé na gCeannaithe
Luimnigh

Fón: +353 61 556000
Ríomhphost: corporate@limerick.ie