Clár na dtoghthóirí

Faisnéis maidir le Vótáil agus Clár na dToghtóirí.

 

Iarratais ar Vótaí Poist/Speisialta

An Reifreann ar an 39ú (An Bille Teaghlaigh 2023) agus an 40ú (An Bille Cúraim) Leasú ar an mBunreacht Dé hAoine an 8 Márta 2024.

Is féidir le daoine sna catagóirí Toghthóirí seo a leanas iarratas a dhéanamh ar Vóta Poist/Speisialta:

  • Gardaí
  • Óglaigh na hÉireann
  • Vóta Poist do Dhaoine faoi Mhíchumas*
  • Vóta Speisialta do Dhaoine faoi Mhíchumas (Tithe Altranais)
  • Cúinsí Gairme/Mic Léinn**
  • Taidhleoirí
  • Gan Ainm ***
  • Príosúnaigh

* Tá Vótaí Poist do Dhaoine faoi Mhíchumas ar fáil do thoghthóirí atá fós ina gcónaí sa bhaile agus nach bhfuil in ann taisteal chuig Ionad Vótaíochta mar gheall ar bhreoiteacht nó míchumas

** Tá Cúinsí Gairme/Mic Léinn ar fáil do thoghthóirí a bheidh ag obair ar lá na vótála agus do Mhic Léinn atá ag staidéar laistigh den Stát agus nach mbeadh in ann vótáil ag a ngnáthionad vótaíochta.

*** Dá mbeadh sé dochrach (díobhálach) do do shábháilteacht phearsanta nó do shábháilteacht duine de do theaghlach dá bhfoilseofaí d’ainm agus do sheoladh, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun a bheith i do thoghthóir gan ainm.

Níl Vótaí Poist ar fáil do Thoghthóirí a bheidh as an tír ar a laethanta saoire ar lá na Vótála.

Toghthóirí a Bhfuil Vóta Poist/Speisialta de Dhíth Orthu - Tabhair Faoi Deara le Bhur dtoil Gurb É an Dáta Deiridh Chun Iarratais a Fháil na Dé Luain an 12 Feabhra 2024 ag 5pm. Ní féidir glacadh le hiarratais dhéanacha.

Féach ar www.checktheregister.ie chun a chinntiú go bhfuil vóta agat Dé hAoine an 8 Márta 2024. Má tá ceist ar bith agat seol ríomhphost chuig registerofelectors@limerick.ie

 

Fógra maidir le hAchomhairc an Chláir Toghthóirí

An Bille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (An Teaghlach), 2023.
An Bille um an Daicheadú Leasú ar an mBunreacht (Cúram), 2023.
Lá na Vótaíochta Dé hAoine an 8 Márta 2024.

TUGAIM FÓGRA DUIT LEIS SEO:

  1. Is é an dáta is déanaí chun Achomhairc a fháil i leith an Chláir Toghthóirí i gContae Luimnigh roimh an 39ú agus an 40ú Reifreann ar an mBunreacht ná Dé Céadaoin an 21 Feabhra 2024 ag 4.30pm.
  2. Éistfidh Cláraitheoir Contae Chúirt Chuarda Luimnigh, ina suí ag Teach Cúirte, Cé na gCeannaithe, Luimneach, le gach Achomharc den sórt sin, agus ba chóir iad a sheoladh tríd an bpost nó trí sheachadadh pearsanta chuig an seoladh sin.
  3. Ní bhreithneoidh an Cláraitheoir Contae aon Achomhairc a gheofar tar éis an dáta dheireanaigh go dtí tar éis Lá na Vótaíochta do na Reifrinn thuas.

Arna dhátú an 9ú lá seo de mhí Feabhra 2024.

Sínithe: James Seymour
             Cláraitheoir Contae
             Cúirt Chuarda Luimnigh

An tAcht Toghcháin 1992: Sceideal 2, Riail 39
(arna chur isteach le hAlt 106 (j) den Acht um Athchóiriú Toghcháin 2022)

 

Clár na dtoghthóirí

Is tusa atá freagrach anois as a chinntiú go bhfuil tú cláraithe chun vóta a chaitheamh.

Clárúchán Nua

Tionólfar an reifreann ar na moltaí atá sa Bhille um an Naoú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (An Teaghlach) 2023 agus sa Bhille um an Daicheadú Leasú ar an mBunreacht (Cúram) 2023 ar an 8 Márta 2024. Má tá tú cáilithe chun vótáil agus mura bhfuil tú ar chlár na dtoghthóirí, ní mór duit iarratas a dhéanamh roimh Dé Máirt an 20 Feabhra 2024.

Le bheith cáilithe chun vóta a chaitheamh i Reifreann:

  1. Ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois ar nó roimh Dé hAoine an 8 Márta 2024.
  2. Ní mór duit a bheith i do chónaí go lánaimseartha ag an seoladh ar mian leat a bheith cláraithe ann.
  3. Ní mór saoránacht Éireannach a bheith agat.

Conas iarratas a dhéanamh:

Ní féidir glacadh le hiarratais dhéanacha.

Tá clár toghthóirí ar bhonn atrátha ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.

Le seiceáil má tá tú sa chlár, cliceáil anseo.

Siar go barr

Cé is Féidir Leo Vótáil?

Cé go bhfuil gach cónaitheoir i dteideal a bheith cláraithe, is gá don údarás clárúcháin a bheith ar an eolas maidir le saorántacht an duine le deimhniú cén toghchán is féidir leis an nduine vótáil ann. Is mar a leanas an ceart vótála:

  • Saoránaigh na hÉireann: Is féidir leo vótáil ag gach toghchán agus reifreann
  • Saoránaigh na Breataine: Is féidir leo vótáil ag Toghcháin na Dála agus Áitiúla amháin
  • Saoránaigh an AE eile: Is féidir leo vótáil ag Toghcháin na hEorpa agus Áitiúla amháin
  • Saoránaigh neamh-AE: Is féidir leo vótáil ag Toghcháin Áitiúla amháin

Siar go barr

Ag Clárú Chun Vótáil

Is é an bealach is éasca duit clárú le vótáil nó do shonraí a nuashonrú ar líne ag www.checktheregister.ie. Má tá foirm ag teastáil, is féidir rochtain a fáil orthu trí na naisc thíos.

Siar go barr

Vótáil trí Phost

Is féidir le go leor catagóirí daoine clárúchán a lorg mar vótálaithe trí phost:

  • Óglaigh na hÉireann
  • An Garda Síochána
  • Taidhleoirí ag freastal thar lear
  • Vótálaithe áirithe le míchumas a chónaíonn sa bhaile
  • Daoine nach féidir leo freastal ar a stáisiúin vótála féin i ngeall ar a bpost/oideachas
  • Is féidir le daoine i bpríosún a chónaíonn in ospidéal, teach altranais nó institiúid cosúil iarratas a dhéanamh ar ionchuimsiú ar Liosta na Vótálaithe Speisialta.

Siar go barr

Faisnéis Teagmhála

Guthán: +353 61 556000
Facs: +353 61 415266
R-phost: registerofelectors@limerick.ie 

Uaireanta oscailte: Luain go hAoine 9am - 5pm