Soilsiú Poiblí

Déanann Enerveo cothabháil soilsiú poiblí faoi chonradh.

    Más mian leat solas poiblí as feidhm a thuairisciú i do cheantar déan teagmháil le do thoil le Enerveo, trína Lárionad Glaonna ar Shoilse Poiblí ar 0818 372 772 nó ar shuíomh Gréasáin Enerveo.

    Chun do ghlao a logáil le haghaidh deisiúcháin, beidh an t-eolas seo a leanas ag teastáil:

    • Ainm teagmhála agus uimhir theileafóin
    • An uimhir solais (uimhir dhá dhigit ar an gcuaille)
    • Suíomh

    Úsáideann Enerveo láithreán gréasáin Deadsure chun lochtanna do Shoilsiú Poiblí a rianú agus a logáil. Déanann na conraitheoirí ábhartha tuairiscí agus deisiúcháin a nuashonrú beo.

    Is féidir lochtanna a logáil go díreach ar líne agus a rianú chun nuashonruithe ar stádas deisiúcháin a fheiceáil agus freisin is féidir soilse a sheiceáil chun féachaint an bhfuil an locht logáilte ar an gcóras cheana féin.