Scéim Rotharbhealaigh ó Luimneach go Tobar Phádraig

Tá an Scéim suite ar Bhóthar Réigiúnach an R526 idir Luimneach agus Tobar Phádraig, Contae Luimnigh. Príomhbhóthar Náisiúnta an N20 a bhí sa chuid seo den R526 tráth ach rinneadh é a sheachbhóthar nuair a tógadh Mótarbhealach an M20.

Ó seachnaíodh é, tá athrú suntasach tagtha ar nádúr an tsreafa tráchta ar an mbóthar ábhair agus is gluaiseachtaí tráchta idir Tobar Phádraig agus na ceantair máguaird, agus an taobh theas de Chathair Luimnigh, atá faoi smacht anois.

Áiríodh leis an athrú seo freisin méadú suntasach ar líon na rothaithe comaitéireachta agus áineasa. Sular tógadh an scéim, ní raibh aon áiseanna tiomnaithe do rothaithe idir Tobar Phádraig agus Timpeallán an Ráithín. Ba é cuspóir na scéime saoráidí rothaíochta sábháilte leanúnacha a sholáthar ar an R526 idir Timpeallán an Ráithín agus sráidbhaile Thobar Phádraig..

Agus an scéim á moladh, bhí Comhairle Contae Luimnigh ag súil go n-úsáidfeadh comaitéirí í agus chun críocha áineasa. Is éard a bhí sa scéim ná tógáil raonta rothar ar an mbóthar, raonta rothar easbhóthair, rianta roinnte agus infreastruchtúr coimhdeach lena n-áirítear soilsiú, colbhaí, marcanna bóthair, comharthaí tráchta agus oibreacha cóiríochta ar fhad 4km den R526 idir Luimneach agus Tobar Phádraig.

Cliceáil anseo chun léarscáil a fháil den Rotharbhealach ó Luimneach go Tobar Phádraig.

This service is provided by

Place-Making and Public Realm

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, 7/8 Patrick Street, Limerick, V94 XF67