Scéim Cosanta Tuilte Oileán an Rí

Tá Oileán an Rí i gcroílár Chathair Luimnigh agus é timpeallaithe ag uiscí na Sionainne agus Abhainn na Mainistreach. Tá an dá abhainn taoidmhear ag an láthair seo agus tá an t-oileán i mbaol tuilte cósta agus srutha.

Tharla tuilte an-suntasach in Earrach 2014 nuair a theip ar na cosaintí reatha go háitiúil, trí shárú, rud a cheadaigh uiscí tuile isteach ar an oileán agus na ceantair máguaird.

Tá gá le feabhsuithe móra ar na cosaintí tuilte chun iarracht a dhéanamh cosc ​​a chur ar a leithéid d’eachtraí tuilte arís. Agus é seo san áireamh, tá foireann JBA Arup ceaptha ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh chun scéim cosanta tuilte atá inmharthana, cost-éifeachtach agus inbhuanaithe a mheas, a fhorbairt agus a dhearadh a bhfuil sé mar aidhm aici riosca don phobal, don taitneamhacht shóisialta, don chomhshaol agus do charachtar an tírdhreacha a íoslaghdú.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Scéim Cosanta Tuilte Oileán an Rí cliceáil anseo.

Chun eolas a fháil ar Chúnamh Rialtais do Dhaoine a Chuir Tuilte isteach orthu lena n-áirítear Sealbhóirí Tí, Gnóthais Bheaga, Comhlachtaí Pobail, Deonacha & Spóirt, agus an Pobal Feirmeoireachta cliceáil anseo.