Scéim Tacaíochta Earnáil na Turasóireachta

Íocfaidh Scéim Tacaíochta Earnáil na Turasóireachta tacaíocht airgeadais d’áititheoirí réadmhaoine tráchtála, atá nasctha go díreach leis an Earnáil turasóireachta agus fáilteachais. I measc na gcineálacha réadmhaoine a cháilíonn don scéim tá Óstáin, Tithe Ceadúnaithe, Bialanna / Caiféanna agus Brúnna.

D’fhonn cáiliú, caithfidh an dliteanas Rátaí Tráchtála bliantúil iomlán a bheith os cionn €25,000 (Cáilíonn Gnólachtaí a bhfuil Éileamh Ráta níos lú ná €25,000 acu cheana féin don Scéim FBManna 2022) agus tá sé faoi réir roinnt téarmaí agus coinníollacha dochta. Socrófar an íocaíocht deontais tacaíochta atá dírithe go sonrach ar Earnáil na Turasóireachta ag 4% de na Rátaí iomlána, lena n-áirítear riaráistí, do 2022.

Téarmaí agus Coinníollacha na Scéim

Ní mór d’iarrthóirí a bheith ina n-áititheoirí ar réadmhaoin ar ráta tráchtála i gCathair nó i gContae Luimnigh, a chomhlíonann na critéir seo a leanas;

  • Caithfidh nóta(í) éilimh iomlána rátaí tráchtála bliantúla a bheith níos mó ná €25,000 i 2022.
  • Ní féidir ach an t-áititheoir rátáilte amháin iarratais a dhéanamh – Ní cháilíonn iarratais úinéara nó tiarna talún thar ceann tionónta.
  • Ní mór na Rátaí Tráchtála (lena n-áirítear riaráistí) a bhaineann leis an gcuntas ábhartha a bheith íoctha ina n-iomláine faoin 31ú Iúil 2022 – tá an dáta seo críochnaitheach agus beidh feidhm aige má úsáidtear aon mhodh íocaíochta seachas Dochar Díreach.
  • Cáilíonn iarrthóirí a íocann trí Dhochar Díreach faoin scéim ar an gcoinníoll go n-íoctar an cuntas ráta tráchtála ina iomláine faoin 31ú Nollaig 2022.
  • Ní féidir íocaíocht an deontais tacaíochta a dhéanamh ach amháin sa chás go n-íocann an t-áititheoir rátáilte na rátaí bliantúla agus aon riaráistí atá dlite ina n-iomláine. D’fhéadfaí nach mbeadh cuntais ina bhfuil athrú Úinéir/Tionónta nó inar tharla díolachán réadmhaoine incháilithe le haghaidh íocaíochta don Scéim.

Ar ais go barr

Conas Iarratas a Dhéanamh

Caithfear iarratais a dhéanamh i scríbhinn chuig:

Scéim Tacaíochta Earnáil na Turasóireachta
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Halla an Chontae
Tuar an Daill
Co. Luimnigh
V94 WV78

Ar ais go barr

Eisceachtaí

Is féidir le húinéirí Réadmhaoine Folamh iarratas a dhéanamh ar leithleach ar Scéim Liúntas Deontas Réadmhaoine Folamh 2022.

Ar ais go barr

Iarratas Tacaíochta a Phróiseáil

Tá sé beartaithe íocaíochtaí tacaíochta a phróiseáil dhá uair sa bhliain bunaithe ar spriocdháta an mhodha íocaíochta a bheith caite. Íocfar iarrthóirí rathúla trí ríomhaistriú airgid agus cuirfear in iúl dóibh faoin íocaíocht trí ríomhphost – mura bhfuil an t-iarrthóir ina sholáthraí reatha de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, tá Sonraí Cuntas Bainc le soláthar leis an bhfoirm iarratais (féach thíos). Seolfar iarratais neamhiomlána ar ais.

Ar ais go barr

This service is provided by

Finance

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Dooradoyle Road, Dooradoyle, Limerick, V94 WV78