Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ag tairiscint dreasachtaí chun Gnó & Miondíol a spreagadh laistigh den chroílimistéar miondíola agus gnó i lár na cathrach, bailte agus sráidbhailte i lár Luimnigh. Tá an deontas á thairiscint mar ranníocaíocht i dtreo costas feistithe agus forchostais.
Tá sé i gceist a chinntiú go n-urramóidh agus go bhfeabhsóidh aon úsáid miondíola nua carachtar ilghnéitheach an cheantair, chomh maith le héagsúlacht úsáidí a éascú agus a chur chun cinn chun a mhealltacht iomlán a mhéadú chun críocha siopadóireachta, fóillíochta agus gnó.
Faoiseamh Deontais
Soláthrófar uasmhéid de €6,000 Deontais Tionscnaimh thar dhá bhliain ar bhonn céim siar chun cur le feistiú agus forchostais. Íocfar an deontas gach bliain ar chruthúnas caiteachais a thabhairt ar aird agus faoi réir ag an iarratasóir leanúint ar aghaidh ag trádáil.
Bliain a haon - €4,000
Bliain a dó - €2,000
Conas iarratas a dhéanamh?
Íoslódáil cóip den fhoirm iarratais thíos le do thoil agus, nuair a bheidh sí críochnaithe, seol ar ais an fhoirm iarratais chuig:
Trádáil agus Infheistíocht
An dara hurlár, Cé na gCeannaithe
Luimneach V94 EH90
Eolas Teagmhála
Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Trádáil agus Infheistíocht
An dara hurlár, Cé na gCeannaithe
Luimneach V94 EH90
Fón 061 556000
Ríomhphost: business@limerick.ie