Is forbraíocht nach dteastaíonn Cead Pleanála uaithi í forbraíocht dhíolmhaithe. Tá catagóirí forbartha díolmhaithe leagtha amach sa dlí pleanála agus de ghnáth tagraíonn siad de mhionfhorbairtí.
De réir Alt 5 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú féadfaidh aon duine dearbhú a iarraidh maidir le cibé an bhfuil forbairt díolmhaithe ón gceanglas maidir le cead pleanála. Ba cheart iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an údarás pleanála, chun cinneadh a dhéanamh an dteastaíonn cead ó thogra nó an meastar gur forbairt dhíolmhaithe é.
Ba cheart go mbeadh na léarscáileanna suímh ábhartha go léir, eolas sásúil ionas gur féidir measúnú a dhéanamh, agus táille €80 a bheith in éineacht leis an iarratas.
Is ansin a dhéanfaidh an t-údarás pleanála measúnú ar an iarratas agus déanfar cinneadh laistigh de cheithre seachtaine. Is féidir leis an iarratasóir achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh chuig an mBord Pleanála, mar aon le táille (€220).