Deonacháin Polaitiúla - Fógra do Thríú Páirtithe

Acht na dToghchán Áitiúla (Nochtadh ar Dheonacháin agus Caiteachas) 1999, de réir leasaithe Tríú Páirtithe.

Ní mór do thríú páirtithe - Daoine Aonair, páirtithe/grúpaí srl, nach páirtí polaitiúil cláraithe iad, rannpháirteach i ngníomhaíocht pholaitiúil nó feachtais eile a bhaineann le polasaí nó feidhmeanna údaráis áitiúil nó comhlachta reachtúil eile ina bhfuil feidhmeanna dílsithe maidir leis an rialtas áitiúil, cloí le riachtanais áirithe faoi Acht na dToghchán Áitiúla (Nochtadh ar Dheonacháin agus Caiteachas) 1999 de réir leasaithe. Tá cur síos ar na daoine sin sa reachtaíocht mar “thríú páirtithe”.

Treoirlínte do Thríú Páirtithe a bhaineann le Deonacháin chun Cuspóirí Polaitiúla ullmhaithe ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a íoslódáil sna cáipéisí tacaíochta thíos.

Daoine aonair nó eagraíochtaí a ghlacann leis gur fhéadfadh forálacha tríú páirtí baint leo dul i dteagmháil le:

An Roinn Seirbhísí Chorparáideacha
Fón: 061 556158
R-phost: peter.williams@limerick.ie

Ní mór Teastais Tríú Páirtí, dearbhuithe reachtúla agus ráitis a sholáthar do Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ar a dhéanaí ar an 31 Márta 2024.