Saoirse Faisnéise

Tá tú i dteideal iarratas rochtana ar fhaisnéis a dhéanamh i scríbhinn, san fhoirm nó ar litir nó trí fhoirm iarratais caighdeánach.

Tá ceart rochtana agat ar na taifid a leanas, coinneáilte nó faoi smacht Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh mura bhfuil na taifid sin díolmhaithe faoi réir an Achta.

  • Gach taifid cruthaithe i ndiaidh tús an Achta seo, is é sin 21 Dheireadh Fómhair 1998.
  • Na taifid cruthaithe roimh an ndáta sin de réir riachtanais chun taifid a thuiscint cruthaithe i ndiaidh tús an Achta.
  • Taifid pearsanta, in ainneoin cathain a bhí siad cruthaithe.
  • Más ball foirne thú, taifid ar phearsanra cruthaithe ó dháta trí bhliana roimh thús an Achta.
  • Rochtain ar chúiseanna le cinntí déanta ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a imríonn tionchar ort.
  • Ceartúchán a lorg ar fhaisnéis phearsanta a bhaineann le duine coinneáilte ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh nuair a bhíonn sé míchruinn, neamhiomlán , nó míthreorach.


Táillí Athbhreithnithe

  • Ní bhaineann an táille iarratais tosaigh ar €15.
  • Tá íosteorainn €100 agus ní féidir cuardach, aisghabháil agus táillí cóipeála a ghearradh faoina bhun. Má théann an táille thar €100, baineann an táille iomlán leis.
  • Tá uasteorainn €500 ar an méid táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála ar féidir a ghearradh.
  • Tá uasteorainn eile ar chuardach measta, táillí aisghabhála agus cóipeála ag €700. Os cionn sin, ní féidir le aon chomhlacht um Shaoirse Faisnéise (FOI) diúltú do phróiseáil ar iarratas, seachas má bhí an t-iarratasóir ullamh chun iarratas a athscagadh chun na táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a laghdú faoi bhun an teorann.
  • Tá an táille i gcomhair athbhreithnithe inmheánaigh faoi Chuid 21 anois ag €30 (€10 i gcomhair sealbhóirí chárta liachta agus a gcleithiúnaigh). Bhí an táille faoi Achtanna roimhe i gcomhair athbhreithnithe inmheánaigh €75, agus €25 le haghaidh sealbhóra chárta liachta.
  • Tá an táille ar achomhairc leis an gCoimisinéir Faisnéise €50 anois (€15 do sheaobhóirí chárta liachta agus a gcleithiúnaigh). Bhí an táille faoi Achtanna um Achomhairc don Choimisinéir Faisnéise roimhe seo €150 agus €50 do shealbhóir chárta liachta.


An próiseas iarratais

  • Ba chóir do d’iarratas a bheith i scríbhinn agus a léiriú go ndéantar an fhaisnéis a lorg faoi Acht Saoirse Faisnéise.
  • Le do thoil, tabhair an méid is mó sonraí indéanta dúinn chun na taifid a dteastaíonn rochtain orthu uait a aithint.
  • Cuir uimhir ghutháin lae leis ionas gur féidir linn labhairt leat más gá chun sonraí a shoiléiriú maidir le d’iarratas. D’fhéadfaí dul i dteagmháil lea chun d’aitheantas a dheimhniú, go háirithe le linn faisnéis phearsanta a iarradh.
  • Ní mór dúinn admháil a eisiúint ar d’iarratas laistigh dhá sheachtaine ón lá a bhfuaireamar é.
  • Ní mór dúinn cinneadh a dhéanamh ar d’iarratas laistigh ceithre sheachtaine ón lá a bhfuaireamar é, seachas má bhaineann an t-iarratas le méid ró-mhór iarratais agus dá réir ní bheadh comhréireacht laistigh an tréimhse ama sonraithe indéanta go réasúnta. Sa chás sin, d’fhéadfaí síneadh ama nach sáraionn ceithre sheachtaine ina dhiaidh a cheadú. Ní mór duit fógra a fháil ar an tréimhse sínte ama riachtanach agus na cúiseanna dó.


Conas Iarratas Faisnéise a dhéanamh

Tá foirm iarratais FOI ar fáil sna cáipéisí tacaíochta thíos. Ba chóir d’iarratais faoi Acht FOI a bheith seolta chuig:

Oifigeach Saoirse Faisnéise
An Roinn Seirbhísí Corparáideacha
3ú Urlár
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Cé na gCeannaithe
Luimneach

Guthán: +353 61 557325
Facs: +353 61 558342
r-phost: foi@limerick.ie

Uaireanta oscailte: Luain go hAoine 9am - 5pm


Agallamh Sealadach

Tugann Acht Saoirse Faisnéise leagan amach do mheicníochtaí achomhairc i gcás diúltaithe iarratais, nó maidir le iarchur rochtana, táillí, foirm rochtana, srl. 

Is féidir leat Athbhreithniú Inmheánach a iarradh ar an gcinneadh tosaigh, a dhéanfar ag oifigeach sinsearach Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh sna cúinsí a leanas:

  • Má bhíonn tú míshásta leis an bhfreagra tosaigh faighte, m.s. Diúltú faisnéise, foirm rochtana, táillí srl.
  • Mura bhfuair tú freagra laistigh ceithre sheachtaine ó d’iarratas tosaigh. Glactar leis gur dhiúltú ar d’iarratas é sin agus ceadaíonn sé duit dul ar aghaidh i gcomhair Athbhreithnithe Inmheánaigh.
  • Ní mór do Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh athbhreithniú a thabhairt laistigh trí sheachtaine. mór athbhreithniú inmheánach a chríochnú mar is gnáth sula ndéantar achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise.

Ba chóir iarratas ar athbhreithniú inmheánach a sheoladh , laistigh ceithre sheachtainí ón gcéad chinneadh, i scríbhinn chuig a leanas.

Laura Flannery
Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach
Seirbhísí Chorparáideacha
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Cé na gCeannaithe
Luimneach

Guthán: +353 61 557530
R-phost: laura.flannery@limerick.ie


Stair an Achta

Bhí Acht Saoirse Faisnéise 2014 sínithe ag Uachtarán na hÉireann Dé Máirt 14 Dheireadh Fómhair 2014, agus tháinig sé in éifeacht an lá sin.

Baineann Acht Saoirse Faisnéise 1997 le gach Údaráis Áitiúla ó 21 Dheireadh Fómhair 1998. Bhunaigh sé trí cheart reachtúil nua:

  • Ceart dlíthiúil do gach duine aonair rochtain a fháil ar fhaisnéis coinneáilte ag comhlachtaí poiblí.
  • Ceart dlíthiúil do gach duine aonair chun leasú a fháil déanta ar fhaisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi féin nuair a bhíonn sé neamhionlán, míchruinn nó míthreorach.
  • Ceart dlíthiúil chun cúiseanna a fháil ar chinntí a imríonn éifeacht ar dhuine.

Ó 11 Aibreáin 2003, próiseáiltear iarratais um shaoirse faisnéise i gcomhréir le forálacha Achtanna Saoirse Faisnéise 1997 agus Acht Saoirse Faisnéise (Leasú) 2003.

Download the latest documents