Ráiteas Príobháideachta Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

Chruthaigh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh an ráiteas príobháideachta seo chun ár dtiomantas dian a léiriú le príobháideacht agus le cinntiú duit i ngach cumarsáidí a bhíonn agat le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh go mbeidh na sonraí a sholáthraíonn tú dúinn slán.

Cé muid agus cén fáth a theastaíonn d’fhaisnéis uainn?

Is mian le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha a chur chun cinn do chathair agus contae Luimnigh, agus leis sin, cuidiú ar bhealach suntasach le cáilíocht saoil a phobail a fheabhsú.

Tá seachadadh seirbhísí ardchaighdeáin, curtha in oiriúint chun cloí le riachtanais gach custaiméirí is againne, fós mar phríomh-aidhm Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus tá sé san áireamh lenár bPlean Corparáideach. Áirítear leis an seirbhís ardchaighdeáin seo ní hamháin leibhéal agus cáilíocht na seirbhíse tugtha dár gcustaiméirí, ach freisin cáilíocht ár bpróisis cinnteoireachta, éifeachtacht ár n-oibreacháin chorparáideacha, caighdeán ár n-áiseanna agus ár gcumas chun dul in oiriúint le timpeallacht a athraíonn go leanúnach.

Chun an raon seirbhísí is éifeachtaí is dírithe a sholáthar chun cloí le riachtanais na saoránach, pobal agus gnóthaí Chathair agus Contae Luimnigh beidh riachtanas romhainn cineálacha áirithe faisnéise a bhailiú, a phróiseáil agus a úsáid maidir le daoine agus eagraíochtaí. Ag brath ar an seirbhís á lorg nó á tabhairt, d’fhéadfadh ‘sonraí pearsanta’ a bheith san áireamh leis an bhfaisnéis á lorg de réir sainmhínithe ag Achtanna um Chosaint Sonraí agus Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus d’fhéadfadh sí baint le úsáideoirí reatha, ón aimsir chaite agus sa tohchaí, fostaithe, soláthraithe reatha agus dóchúla, agus baill an phobail a d’fhéadfadh siad cumarsáidí a dhéanamh lenár bhfoireann.  Leis sin, d’fhéadfadh riachtanas a bheith ag an bhfoireann ó am go ham, chun cineálacha áirithe sonraí pearsanta a bhailiú chun cloí le riachtanais rialála nó reachtúla.

Back to top

Cén fáth go bhfuil ráiteas príobháideachta againn?

Chruthaigh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh an ráiteas príobháideachta seo chun ár dtiomantas dian a léiriú le príobháideacht agus le cinntiú duit i ngach cumarsáidí a bhíonn agat le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh go mbeidh na sonraí a sholáthraíonn tú dúinn slán.

Cruthaíonn, bailíonn agus próiseálann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh méid suntasach sonraí pearsanta i go leor formáidí ar bhonn laethúil. Is tiomantas le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh go mbeidh na sonraí a d’fhéadfaí a iarradh uait a sholáthar dúinn;

  • A fháil go dlíthiúil, ar bhealach cóir follasach
  • Faighte chun cuspóirí sonraithe, follasach agus dlisteanach amháin
  • Oiriúnach, ábhartha agus teoranta don méid a theastaíonn chun an chuspóra go raibh sé faighte
  • Taifeadta, stóráilte mar is cuí agus ar bhealach slán agus nuair is gá, coinneáilte nuashonraithe
  • Coimeádta chomh fada agus is gá chun an chuspóra go raibh sé faighte.
  • Coinneáilte i bhfoirm a cheadaíonn aitheantas le suibiacht na sonraí
  • Próiseáilte amháin ar bhealach a chinntíonn slándáil oiriúnach na sonraí phearsanta lena n-áirítear cosaint in aghaidh próiseála neamhúdaraithe nó mídhleathach.

Back to top

Cén sonraí pearsanta a theastaíonn uainn?

Is féidir na cineálacha sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a iarradh uait a chur i gcatagóirí mar a leanas,

  • Sonraí teagmhála chun cumarsáid éifeachtach a cheadú.
  • Sonraí ó do chúinsí pearsanta a iarrtar ort faoin dlí a sholáthar mar chuid de d’iarratas i gcomair seirbhíse á cur ar fáil ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.
  • Do shonraí airgeadais féin a iarrtar ort faoin dlí a sholáthar mar chuid de d’iarratas i gcomair seirbhíse á cur ar fáil ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.

Back to top

Sonraí Teagmhála

Chun a thuilleadh cumarsáide a dhéanamh leat, iarrfar do shonraí teagmhála uait. Ní gá duit gach sonraí teagmhála a sholáthar, ach má sholáthraíonn tú níos mó, amhail r-phost, fón, seoladh, bíonn an chumarsáid níos éasca.

Back to top

Mionsonraí ar Chúinsí Pearsanta

Más mian leat iarratas a dhéanamh i gcomhair seirbhíse ar leith ón údarás áitiúil, iarrfar ort méid athraitheach sonraí pearsanta a bhaineann leat agus le do theaghlach chun tacú le d’iarratas. Leagfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh amach an t-eolas atá riachtanach duit ar shraith foirmeacha iarratais aonair agus difriúla a bhaineann le gach seirbhís.

Back to top

Sonraí Airgeadais

Más mian leat iarratas a dhéanamh i gcomhair seirbhíse ar leith ón údarás áitiúil, d’fhéadfadh go n-iarrfar ort méid athraitheach sonraí airgeadais pearsanta a bhaineann leat agus le do theaghlach chun tacú le d’iarratas. Leagfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh amach an t-eolas atá riachtanach duit ar shraith foirmeacha iarratais aonair agus difriúla a bhaineann le gach seirbhís.

Back to top

Polasaí um Choinneáil Taifid

Cuireann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh Polasaí Náisiúnta um Choinneáil Taifid i bhfeidhm chun bainistíocht a dhéanamh ar choinneáil agus diúscairt ár dtaifid, lena n-áirítear do shonraí pearsanta.

Íoslódáil cóip de Pholasaí Náisiúnta um Choinneáil Taifid anseo.

Tabhair faoi deara: Tá an Polasaí Náisiúnta um Choinneáil faoi athbhreithniú faoi láthair agus déantar nuashonrú air go tréimhsiúil de réir limistéir seirbhíse. Tá polasaí nuashonraithe do na réimsí seirbhíse liostaithe thíos ar fáil ag an nasc gaolmhar agus ba chóir iad a léamh in áit aon fhaisnéise gaolmhar sa Pholasaí Náisiúnta um Choinneáil Taifid, a bhfuil tagairt dó thuas.

Polasaí coinneála nuashonraithe do na réimsí seirbhíse a leanas:

Back to top

Do Chearta

Tá ceart agat rochtain a iarradh ar shonraí pearsanta coinneáilte fút, deimhniúchán a fháil má tá sonraí ann fút, faisnéis a fháil faoin inneachar agus foinse sonraí agus a chruinneas a sheiceáil. Chomh maith leis, má bhíonn na sonraí atá á gcoinneáil againn míchruinn, tá ceart agat sonraí pearsanta a athrú, a bhaint, a bhacadh, nó diúltú lena úsáid, á gcoinneáil ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh. I gcúinsí áirithe, má chuirtear bac ar rochtain ar shonraí, d’fhéadfadh sin moill nó bac a chur ar rochtain ar sheirbhís ina iarrtar sonraí de réir an dlí nó chun cuspóirí riachtanacha a bhaineann le seachadadh seirbhíse chugat. Tabhair faoi deara, chun do phríobháideacht a chosaint, go nglacaimid céimeanna chun d’aitheantas a fhíorú sula dtugtar rochtain duit ar shonraí pearsanta. Chun leas a bhaint as na cearta sin, ba chóir duit dul i dteagmháil le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh (Rialaitheoir Sonraí) de réir leagtha amach thíos:

Trí phost:

Oifigeach um Chosaint Sonraí
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Ceanncheathrú Corparáideacha
Cé na gCeannaithe
Luimneach

R-phost: dataprotectionofficer@limerick.ie

 

Back to top

Cead Gearáin le hOifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí

Mura bhfuil tú sásta leis an toradh nó freagra a fuair tú ó Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh maidir le d’iarratas, ansin tá tú i dteideal gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí a d’fhéadfadh fiosrúchán a dhéanamh ar an ábhar duit.

Suíomh gréasáin an Choimisinéara um Chosaint Sonraí ná www.dataprotection.ie. Is féidir leat labhairt lena nOifig ag a leanas:

Teileafón: 01 7650100 nó 1800 437 737

Ríomhphost: info@dataprotection.ie

An Coimisinéar um Chosaint Sonraí
21 Cearnóg Mhic Liam ó dheas
Baile Átha Cliath 2
D02 RD28
Éireann

Back to top

Ráitis Príobháideachta Mionsonraithe maidir le Seirbhísí sonracha an Chomhairle

Active Travel

Corporate, Governance & Customer Services

    Digital Services

    Environment, Recreation & Climate Change

    Finance

    Fire & Emergency

    Forward Planning

    HAP – Shared Services Centre

    Housing Support Services

    Housing Strategy, Capital & Maintenance

    Human Resources

    LA Housing Construction and Maintenance Section

    Marketing & Communications

    Library

    Mid West Road Design Office

    Place-Making & Public Realm

    Property Management Services

    Regeneration

    Roads Traffic & Cleansing

    Southern Region Waste Management

    Strategy & Non LA Construction

    Tourism

    Trade & Investment

    Travel and Transportation Strategy

    Urban Innovation Development

    Urban and Rural Community Development

    Veterinary Services

    Water Services 

    •  

    Back to top