Bunaíodh Cácas Ban Luimnigh chun; “Tacaíocht, cothú agus spreagadh a thabhairt do mhná le bheith páirteach sa saol poiblí agus le bheith mar ghuth chun feachtasaíocht agus ionadaíocht a dhéanamh ar ár bPobail agus iad a threorú agus a bheith i bhfách leo.”
Tacaigh - Cur Chun Cinn - Spreag
Is fóram traspháirtí é Cácas Ban Luimnigh ar a bhfuil naoi gcomhairleoir ar mná iad as Luimneach a thagann le chéile chun mná a spreagadh chun páirt a ghlacadh sa pholaitíocht áitiúil trí bhacainní agus dúshláin a bhaineann le rannpháirtíocht na mban a fhiosrú. Is é cuspóir an Chácais ná cuimsitheacht agus éagsúlacht níos leithne a chur chun cinn sa rialtas áitiúil agus guth a thabhairt do mhná maidir le cinnteoireacht áitiúil.