Tithíocht Inacmhainne - Forbairtí Cónaithe Ag Teastáil

Ag glaoch Ar Gach Tógálaí Tí Agus Forbróir Tithíochta - Tá Comhairle Cathrach Agus Contae Luimnigh ag lorg forbairtí cónaithe do thithíocht inacmhainne.

  • Affordable Housing Expression of Interest

Tá Comhairle Cathrach agus Contae luimnigh ag iarraidh socruithe réamhcheannaigh a dhéanamh le tógálaithe tí agus forbróirí tithíochta chun tithe inacmhainne a dhaingniú i gceantair ina bhfuil an riachtanas is géire. Tá Comhairle Cathrach agus Contae luimnigh ag iarraidh comhaontú a dhéanamh ar réamhcheannach réadmhaoine neamhthógtha 'lasmuigh den phlean' a bhfuil cead pleanála deonaithe acu sna réimsí seo a leanas:

  • Cathair Luimnigh (gach ceantar lena n-áirítear bruachbhailte)
  • An Brú
  • Cathair Chinn Lis
  • An Cheapach Mhór
  • Dún Bleisce
  • Cill Mocheallóg

Tá an glao seo dírithe ar dheiseanna réamhcheannaigh ar feadh 10 n-áitreabh ar a laghad agus uasmhéid de 150 teaghais in aon scéim amháin. Tabhair Faoi deara Le Do thoil Go bhfuil Feidhm Ag Cuid V den Acht Um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú. Breithneofar freisin socruithe comhfhiontair lena n-áirítear Comhlacht Tithíochta Ceadaithe (CTC)

Conas Is féidir Le Comhairle Cathrach Agus Contae Luimnigh cabhrú leat sa phróiseas seo

  • I gcás ina bhfaightear agus ina meastar go bhfuil tograí le haghaidh teaghaisí tionachta inacmhainne nó measctha inghlactha, déanann Comhairle Cathrach Agus Contae Luimnigh iarratas chuig An Gciste Nua Tithíochta Inacmhainne (AHF) faoin Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar fhóirdheontas chun cabhrú leat costas seachadta tithíochta ceannaigh inacmhainne a chomhlíonadh.

Tá maoiniú ‘AHF’ ag brath ar roinnt critéar agus 3 theorainn mhaoinithe. Féach an tábla thíos le do thol.

Dlús na scéime Teorainn Fóirdheontais
Teaghaisí i scéimeanna le glandlús os cionn 50 teaghais in aghaidh an heicteáir i gcathracha arna n ainmniú faoin Gcreat Náisiúnta Pleanála €100,000
Teaghaisí i scéimeanna le glandlús os cionn 35 teaghais agus faoi 50 teaghais in aghaidh an heicteáir i ngach ceantar uirbeach €75,000
Teaghaisí i scéimeanna le glandlús níos lú ná 35 teaghais in aghaidh an heicteáir €50,000
  • I gcás ina gcuirtear scéimeanna tionachta measctha ar fáil (inacmhainne/sóisialta) tá ceanglas ann nach leithdháiltear níos mó ná 30% den scéim ar shóisialta, áit a moltar scéimeanna tionachta measctha os cionn 40 aonad.
  • Ní mór do Theaghaisí Ceannaigh inacmhainne lascaine 15% ar a laghad a bhaint amach. Tá ríomh an lascaine 15% leagtha amach sa sampla thíos:

Sampla 1

Baintear lascaine íosta 15% amach ar luach margaidh oscailte airíonna tógála nua inchomparáide.

Tithíocht Údaráis Áitiúil  
Costas an tsoláthair (costais uile-isteach)2 €220,000
Maoiniú tithíochta inacmhainne (AHF) €50,000
Ranníocaíocht an cheannaitheora (Morgáiste agus taisce) €170,000
Luach margaidh oscailte tógála nua inchomparáide €200,000
Lascaine 15% €30,000
  • Níor cheart go sáródh costais forbartha uile-isteach aonaid aonair na teorainneacha uachtaracha atá leagtha amach faoin gCiste Tithíochta Inacmhainne. Beidh difríocht idir na teorainneacha uachtaracha ag brath ar dhlús agus suíomh na scéime.
  • Tá iarratas an chiste Tithíochta Inacmhainne faoi réir cheadú na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Nuair a chomhaontaítear maoiniú is féidir linn comhaontú ardcheannaigh a dhéanamh leat. Foráiltear leis an gcomhaontú réamhcheannaigh go ndíolfaidh an forbróir tithe go díreach le ceannaitheoir incháilithe arna ainmniú ag an údarás áitiúil. Déanfaidh Comhairle Cathrach agus Contae luimnigh measúnú ar incháilitheacht an cheannaitheora inacmhainne agus ainmneoidh Sí duit iad.
  • Scaoilfidh Comhairle Cathrach agus Contae luimnigh an fóirdheontas chugat nuair a bheidh an díolachán críochnaithe.

Céimeanna measúnaithe agus Formheasa

Seachtain 1-6 Clár leasa. Ag tabhairt cuireadh d ' aighneachtaí le linn na tréimhse seo ó fhorbróirí/ tógálaithe.
Seachtain 7-10 Measúnú ar iarratais. Déanfar gach aighneacht Céim 1 a mheas i gcoinne critéar Pas/Teip. Ní bhogfaidh ach na haighneachtaí sin a ghnóthaíonn Pasmharc i gcoinne na gcritéar go léir go dtí an dara céim den phróiseas. Ag Céim 2 bronnfar marcanna ar an togra bunaithe ar chritéir na dámhachtana. Is é an riachtanas Maidir le Pas Céim 2 ná 55/100 marc.
Seachtain 11 Iarratasóirí incháilithe a chur ar an eolas.
Seachtain 12-14 Déanann Comhairle Cathrach agus Contae luimnigh iarratas chuig An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta thar do cheann faoin ‘AHF’ chun d ' fhóirdheontas a cheadú.
Seachtain 15-18 An roinn chun an t-iarratas a athbhreithniú agus a cheadú mura bhfuil aon fhaisnéis bhreise ag teastáil.
Seachtain 19 Lean ar aghaidh chun an comhaontú forbartha a shíniú.

Led’thoil, cuir isteach Foirm Iarratais Ráitis Spéise comhlánaithe, chomh luath agus is féidir, ach ní níos dheireanaí ná 5.00 i.n. Dé hAoine, 29/03/2024.

Is féidir Foirm Iarratais Ráitis Spéise a íoslódáil ag bun an leathanaigh.

Le haghaidh tuilleadh sonraí déan teagmháil le do thoil:

An Fhoireann Tithíochta Inacmhainne
Straitéis tithíochta agus Aonad Tógála Neamh-La
Stiúrthóireacht Tithíochta
Comhairle Cathrach agus Contae luimnigh

Ríomhphost: affordable@limerick.ie

Fón: 061-557028

This service is provided by

Housing Support Services

Phone +353 61 556000
Location
Limerick City and County Council, Merchant's Quay, Limerick, V94 EH90