Tugtar fógra leis seo go ndearna Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh Plean Ceantar Áitiúil an Tobar Phádraig 2024-2030, de bhun fhorálacha An Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Leasú), agus gur ghlac Comhaltaí Tofa Cheantair Bardasach Áth Dara -Ráth Caola, Chathair agus Chontae Luimnigh leis, ar an 26ú Eanáir 2024.
Tiocfaidh an Plean Ceantair Áitiúil i bhfeidhm ón 8u Aibreain 2024
Áirítear sa phlean, Measúnú Straitéiseach Riosca Tuilte, Tuarascáil Chomhdhlúite Tionchair Natura, Ráiteas Conclúide maidir le Measúnacht Chuí (AA), Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MSC) agus Ráiteas um Measúnú Straitéiseach Timpeallachta.
Is féidir iniúchadh a dhéanamh ar chóip den Phlean Ceantair Áitiúil chomh maith le tuairiscí ceangailte in Oifigí Chathair agus Chontae Luimnigh i gCé na gCeannaithe, go laethúil (seachas laethanta saoire phoiblí) ó Luan go hAoine i rith na n‐uaireanta idir 9.00am agus 5.00pm.
Is féidir freisin iniúchadh a dhéanamh ar chóip den Phlean sa leabharlann cathair Luimnigh sa Teach Barra, agus sa leabharlann I dTuar an Dall, le linn gnáthuaireanta oscailte.Tá an plean ar fáil freisin ar shuíomh Gréasáin na Comhairle thíos anseo.
Is féidir an plean a cheannach ar phraghas €25.00 ón Stiúrthóireacht um Pleanáil, Comhshaol agus Déanamh Áite, Cé na gCeannaithe, Luimneach.