Tugtar fógra leis seo gur ullmhaigh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, de bhun fhorálacha an Achta thuas, Athruithe Ábhartha atá Beartaithe do Dhréachtphlean Limistéir Áitiúil an Chaisleáin Nua 2023 – 2029.
Beidh cóip de na hAthruithe Ábhartha atá Beartaithe, Cinneadh Scagtha um Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (MSC) Cinneadh Scagtha um Measúnacht Chuí (MC), Tuarascáil Chomhshaoil MSC agus MC Tuarascáil Tionchair Natura do na hathruithe ábhartha, Plean um Iompar Áitiúil nuashonraithe agus Measúnú Straitéiseach Riosca i gCás Tuilte nuashonraithe do Dhréachtphlean Limistéir Áitiúil an Chaisleáin Nua 2023 – 2029 ar taispeáint ón Satharn an 23 Meán Fómhair 2023 go dtí Dé Luain an 23 Deireadh Fómhair 2023, an dá lá sin san áireamh, agus is féidir é a iniúchadh sna háiteanna seo a leanas le linn gnáthuaireanta oscailte.
- Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Ceanncheathrú Corparáideach, Cé na gCeannaithe, Luimneach;
- Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Halla an Chontae, Bóthar Thuar an Daill, Luimneach
- Oifig na Cathrach an Chaisleáin Nua, Áras William Smith O’Brien, An Caisleán Nua, Co. Luimnigh;
- Leabharlanna Poiblí i gCaisleán Nua agus Mainistir na Féile, agus;
- www.limerick.ie/council
Is féidir Aighneachtaí/Tuairimí a dhéanamh mar seo a leanas:
- Ar líne ag http://mypoint.limerick.ie
- Ríomhphost chuig forwardplanning@limerick.ie
- I scríbhinn chuig: Stiúrthóireacht Réamhphleanála, Forbartha Eacnamaíochta agus Fiontair, Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Cé na gCeannaithe, Luimneach, V94 EH90.
Ná húsáid ach modh amháin chun d'aighneacht a chur isteach, is é sin, i gcóip chrua, ar líne nó trí ríomhphost roimh 5pm ar an Luan 23 Deireadh Fómhair 2023 lena breithniú ag an gComhairle sula ndéanfar an Plean Limistéir Áitiúil.
Ba cheart go luafar in aighneachtaí/ tuairimí de do chuid d'ainm, do sheoladh agus, nuair is iomchuí, an comhlacht nó an eagraíocht a bhfuil tú ag labhairt thar a c(h)eann. Má theastaíonn tuilleadh sonraí uait, déan teagmháil leis an Rannóg Réamhphleanála ar (061) 557029 nó seol ríomhphost chuig forwardplanning@limerick.ie.
Foilseofar na haighneachtaí ar fad ar shuíomh gréasáin na Comhairle, mar a cheanglaítear leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú). Agus breac-chuntas á thabhairt aici ar na haighneachtaí agus na tuairimí a fuarthas, luafar i dTuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh ainmneacha na ndaoine sin a rinne aighneachtaí nó tuairimí agus foilseofar achoimre ar an aighneacht ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.