Le hObair Chaomhnaithe ar Struchtúir Cosanta, Struchtúir Cosanta Molta, agus Struchtúir laistigh Limistéir Caomhnaithe Ailtireachta nó conláiste Séadchomhartha Náisiúnta.
Is mar a leanas príomh-phointí na Scéime:
- Is mian le Scéim Infheistíochta ar Oidhreacht Thógtha spreagadh le infheistíocht chaipitil príobháidí i dtionscadail caomhnaithe ar scála beag, a dteastaíonn go leor oibre uathu.
- Áireofar le foirgnimh incháilithe Struchtúir Cosanta; Struchtúir Cosanta Molta (ar chóir a chur leis an Taifead ar Struchtúir Cosanta roimh 31/12/2022); Struchtúir a chuidíonn le carachtar Limistéir Caomhnaithe Ailtireachta
- Tacú le fostaíocht ghairmithe caomhnaithe oilte agus le taithí, oibrithe ceirde agus trádálaithe
- Íosmhéid bronnta: €2,500 do chontae na Mí. Uasmhéid bronnta: €15,000 le uasmhéid sochair caighdeánach 50% maidir le bearta agus tionscnaimh eile maoinithe go poiblí
- Thatching Initiative - Maximum Grant of €20,000, to a maximum permissible benefit of 80% having regard to other publicly funded measures and initiatives
- Ní mór d’obair faofa faoin scéim seo cloí le gach riachtanais reachtúla lena n-áirítear an riachtanas ar chead pleanála, nuair is oiriúnach
Ba chóir Foirmeacha Iarratais Comhlíonta (Foirm A) i dteannta le gach cáipéisíocht thacaíochta a sheoladh chuig Oifig Chaomhnaithe Ailtireachta, An Roinn Seirbhísí Pleanála agus Comhshaoil, Tuar an Daill, Luimneach, V94 WV78.
Tabhair faoi deara: Tá suim €180,800 leithdháilte le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh. Is dócha go mbeidh éileamh ard agus úsáidfear próiseas measúnaithe dian chun tionscadail a roghnú i gcomhair molta chuig an Aire Stáit agus Oidhreachta chun faofa.
Tá an dáta dúnta chun iarratais a fháil faoi réir forálacha Scéime Infheistíochta ar Oidhreacht Thógtha ar Dé hAoine 20 Eanáir 2023.
Tá a thuilleadh faisnéise agus Pacaí Iarratais don Scéim ar fáil ó:
Caroline Martin
Oifigeach Caomhnaithe Ailtireachta
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Seirbhísí Pleanála agus Chomhshaoil
Tuar an Daill
Luimneach V94 WV78
Ríomhphost: Caroline.Martin@limerick.ie
Phone: +353 61 556483