Bithéagsúlacht

Tá raon saibhir éagsúil éiceachórais nádúrtha ag cathair agus contae Luimnigh

  • Inbhear na Sionainne
  • Gnáthóga abhann in aibhneacha Luimnigh agus fo-aibhneacha lena n-áirítear an tSionainn, An Mhainistir, An Daoil, Feale, An Mháigh agus An Mhaoilchearn 
  • Ardtalaimh amhail Bealach Eabhra
  • Galtees
  • Cnoic Iarthair Luimnigh
  • Sliabh Reagh
  • Sliabh Felim  

Cuidíonn ísealchríocha talmhaíochta lena n-áirítear Machaire na Mumhan freisin le bithéagsúlacht fhorleathan Luimnigh, chomh maith le coillearnaí nádúrtha amhail iad sin atá sa Chora, agus fál sceach nádúrtha fairsing ar fud an chontae. 

Bogaigh atá ar fud an chontae ar phortaigh ardtalaimh, agus sa chathair sa Ghort Thiar sa chathair. Tá eanaigh lonnaithe i Luimneach freisin agus is féidir teacht orthu i limistéar Eas Géitine. Tá turlach Comónta an Locha Mhóir lonnaithe ar imeall na cathrach sa Mhungairit. Baineann tábhacht idirnáisiúnta le go leor de na gnáthóga sin, iad ainmnithe mar Limistéir Cosanta Speisialta (SPA), Limistéir Caomhnaithe Speisialta (SAC) agus NHA de réir sonraithe ag Seirbhís Pháirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS), le speicis shuntasacha flóra agus fána.  

Tá 19 de na ainmniúcháin sin i gcathair agus contae Luimnigh. 

I gcomhair a thuilleadh eolais maidir le Suíomhanna Cosanta Sheirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra cliceáil anseo.

Fachtóir cuidithe le lonnaíocht daonna i Luimneach chomh fada le 8,000 bliain ó shin ná foscadh na timpeallachta nádúrtha, breosla agus foinse bia do mhuintir réamh-Chríostaíochta. Lean daoine ag imirt róil lárnaigh in éabhlóid bithéagsúlachta ar feadh na blianta.

Tá timpeallacht nádúrtha Luimnigh faoi bhagairt suntasach. I gcomhair speicis uisce úir, áirítear le príomh-bhagairtí eastóscadh iomarcach uisce, truaillithe de bharr na talmhaíochta, foraoiseachta, tionscail agus eisiltigh áitiúla agus speicis a tháinig ó áiteanna thar lear. Tagann bagairtí móra eile ó athruithe sa chaighdeán uisce, neartú na feirmeoireachta agus foraoisithe, uirbiú agus turasóireacht, agus úsáid ídithe acmhainní nádúrtha. Tá athrú aeráide, aigéadú agus eotrófú ag cur damáiste freisin ar an timpeallacht.

Tá Éire mar Bhallstát an AE tiomanta chun maolú a thabhairt ar chaillteanas na bithéagsúlachta. Tá an tÚdarás Áitiúil díograiseach chun oidhreacht nádúrtha a chosaint ós rud é gur sócmhainn neamh-inathnuaite é a bhfuil an ghiniúint sin faoi oibleagáid a thabhairt ar aghaidh ar bhealach inbhuanaithe do na glúnta atá le teacht. I gcuidiú ár n-oidhreacht nádúrtha a chosaint, cuirfidh an Comhairle tús le ullmhúchán Phleain Bithéagsúlachta agus Oidhreachta níos déanaí an bhliain seo do chathair agus contae Luimnigh.
 

Faisnéis Teagmhála

Tom O’Neill
Oifigeach Oidhreachta
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh

Fón: +353 61 557229
R-phost: thomas.oneill@limerick.ie

Useful links

Cuidíonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh agus cuireann sé chun cinn tionscnaimh bithéagsúlachta nuair is féidir.

This service is provided by

Forward Planning

Phone +353 61 556000