I nDeireadh Fómhair 2019, d’fhógair an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún i dteannta le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, CIÉ agus an FSS pleananna chun tosú ag breathnú ar acmhainn forbartha do shuíomh 50 heicteár i lár Chathair Luimnigh lonnaithe in aice leis an bpríomh-mhol iompair Stáisiún Colbert.
I ndiaidh do Mheamram Tuisceana a shíniú i Luimneach in Eanáir 2020, bunaíodh foireann athbhreithnithe dearaidh agus bhí Cathaoir ag David Browne ann, é ina stiúrthóir RKD Architects agus Uachtarán Institiúide Ríoga Ailtirí na hÉireann (RIAI). I Márta 2020, fógraíodh an fhoireann chun an próiseas athbhreithnithe dearaidh a dhéanamh.
I Meán Fómhair 2020, d’fhógair Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (RIAI) i dteannta leis an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún agus Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh dréacht ar dhearadh athbhreithnithe do Chomhairleoirí Mhórcheantar Uirbigh Luimnigh.
r-phost: limerick.colbert@lda.ie
I gcomhair a thuilleadh eolais téigh go dtí suíomh gréasáin LDA.