Scéim um Fhaoiseamh Tuile Oileán an Rí

Tá Oileán an Rí suite i gcroílár Chathair Luimnigh agus tá uiscí na Sionainne agus Abhainn na Mainistreach timpeall air. Tá an dá abhainn taoide ag an suíomh seo agus tá an t-oileán so-ghabhálach do phriaca tuile cósta agus abhann.

Tharla tuilte an-suntasach in Earrach 2014 nuair a theip ar na cosaintí reatha go háitiúil, idir ró-bharr agus trí shárú, ag ligean uiscí tuile isteach san Oileán agus sna ceantair máguaird.

Tá gá le feabhsuithe móra ar na cosaintí tuile chun iarracht a dhéanamh cosc a chur ar a leithéid d'ócáidí tuile. Agus é seo san áireamh, tá foireann Arup JBA ceaptha ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh chun scéim um fhaoiseamh tuile inmharthana, costéifeachtach agus inbhuanaithe a mheas, a fhorbairt agus a dhearadh a bhfuil sé mar aidhm aici an riosca don phobal, do thaitneamhacht shóisialta, don chomhshaol agus do charachtar tírdhreacha atá ann cheana a íoslaghdú.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim um Fhaoiseamh Tuile in Oileán an Rí cliceáil anseo.

Chun faisnéis a fháil faoi Chúnamh Rialtais do Dhaoine a dTéann Tuilte i bhfeidhm orthu, lena n-áirítear Sealbhóirí Tí, Gnólachtaí Beaga, Comhlachtaí Pobail, Deonacha agus Spóirt, agus an Pobal Feirmeoireachta cliceáil anseo.

This service is provided by

Fire and Emergency Services

Phone +353 61 556859
Location
Limerick City and County Council, Lissanalta House, Dooradoyle Road, Dooradoyle, Limerick, V94 WV78