Rialacháin maidir le Pacáistíocht

Tá Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Pacáistíocht) 2014 deartha chun aisghabháil dramhaíola pacáistithe a chur chun cinn trí oibleagáidí athchúrsála a chur i bhfeidhim ar sholáthróirí tráchtála a chuireann pacáistíocht nó táirgí pacáistithe ar mhargadh na hÉireann.

Tá dramhaíl phacáistithe comhdhéanta de na cineálacha dramhaíola seo a leanas:

  • Alúmanam
  • Clár snáithíneach
  • Gloine
  • Páipéar
  • Leathánra Plaisteach
  • Cruach
  • Adhmad

Baineann na rialacháin le gach gnó a dhéileálann le pacáistíocht sonraithe, pé foirm ina n-eascraíonn sé, le linn a ngnó.

Cibé an ndéanann tú earraí pacáistithe a mhonarú, a iompórtáil, a cheannach nó a dhíol, cibé an bhfuil monarcha nó siopa cúinne, teach tábhairne nó bialann á bhfeidhmiú agat, baineann na rialacháin seo leat. Tá dualgas dlíthiúil ort do dhramhaíl pacáistithe a athchúrsáil.

Ní mór na cineálacha dramhaíola go léir thuas a dheighilt ag an bhfoinse agus iad a aisghabháil trí úsáid a bhaint as seirbhísí bailitheoir dramhaíola údaraithe. Ba chóir nach mbeadh an dramhaíl éillithe ar bhealach ar bith.

Le haghaidh tuilleadh eolas, tabhair cuairt le do thoil ar shuíomh gréasáin na hOifige Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola.

Táirgeoirí Móra

Tá dualgais bhreise ar tháirgeoirí móra. Is táirgeoirí móra iad soláthraithe pacáistíochta a chuireann níos mó ná 10 dtona i Margadh na hÉireann in aghaidh na bliana AGUS a bhfuil láimhdeachas bliantúil breis is €1milliún acu.

Ní mór do tháirgeoir mór roghnú chun clárú le scéim cheadaithe. Féach www.repak.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Nóta:
Faoi I.R. Uimh. 659/2022 - Rialacháin an Aontais Eorpaigh 2022 (Pacáistíocht) (Leasú), ní ghlacfar le féinchomhlíonadh/clárú leis an Údarás Áitiúil a thuilleadh. Ní mór do tháirgeoirí móra pacáistíochta a ndualgais a chomhlíonadh trí chlárú leis an scéim comhlíontachta, Repak.
www.repak.ie