Rialacháin maidir le Dramhaíl Bia

Tháinig na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola Bia i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2010. Tá na rialacháin seo deartha chun scaradh foinse agus úsáid thairbheach na dramhaíola bia a eascraíonn san earnáil tráchtála a chur chun cinn.


Dramhaíl Bia Tí

Rialacháin

Cuireann na Rialacháin oibleagáidí ar shealbhóirí tí agus ar bhailitheoirí dramhaíola araon. Tá sé de dhualgas ar shealbhóirí tí a gcuid dramhaíola bia a scaradh, agus é a chur ar fáil le bailiú ar leith. Mar mhalairt ar sin, is féidir le sealbhóirí tí an dramhaíl bia a mhúiríniú sa bhaile nó í a thabhairt chuig áiseanna cóireála údaraithe mar ionaid fóntas poiblí nó láithreacha díleá anaeróbach.

Léigh an Treoir um Mhúiríniú Baile anseo

Léigh Conas Do Dhramhaíl sa Bhaile a Bhainistiú

I gcás ina bhfuil bailiúchán scartha-foinse le haghaidh dramhaíola bia ar fáil, ní cheadaítear do shealbhóirí tí dramhaíl bia a dhiúscairt sa tseirbhís bailithe dramhaíola iarmharaí (an Araid Dhubh).

Ceanglaítear ar bhailitheoirí dramhaíola seirbhís bailithe ar leith a sholáthar do dhramhaíl bia tí.


Araidí Donna

Tógann Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Dramhaíl Bia Tí agus Bithdhramhaíl) 2015, (reachtaíocht tosaigh a tugadh isteach i mí Aibreáin 2013) ar na rialacháin um dhramhaíl bia tráchtála a tugadh isteach i 2009, agus tá siad deartha chun scaradh agus aisghabháil dramhaíola bia tí a chur chun cinn, i gcomhréir le cuspóirí an bheartais náisiúnta agus an Chreata-Treorach Dramhaíola maidir leis an acmhainn is féidir a bhaint as dramhaíl a uasmhéadú agus diúscairt dramhaíola a íoslaghdú. Méadóidh siad an méid dramhaíola bia a aisghabhtar trí fhuinneamh, múirín agus díleáiteáin a tháirgeadh, rud a chruthóidh deiseanna do phoist agus luach.

Caithfidh araid bhruscair orgánach a bheith ag gach áit chónaithe laistigh de lárionad daonra níos mó ná 500 duine agus é a úsáid. Tá sé de dhualgas ar shealbhóirí tí a gcuid dramhaíola bia a scaradh agus ba cheart don Bhailitheoir Údaraithe Dramhaíola é a bhailiú ar leithligh.

Tá sé de dhualgas ar theaghlaigh sna láithreacha seo a leanas i Luimneach an Córas 3 Araide a oibriú i.e. Dramhaíl Bia/Dramhaíl Orgánach, Ábhair Thirim Athchúrsála agus Iarmharach (Líonadh Talún):

Cathair Luimnigh
An Caisleán Nua Thiar
Mainistir na Féile
Áth an Choite
Ráth Caola
Cill Mocheallóg
Caisleán Uí Chonaill
Cromadh
Áth Dara
Eas Géitine
Tobar Phádraig
Cill Fhíonáin

Cathair Luimnigh
An Caisleán Nua Thiar
Mainistir na Féile
Áth an Choite
Ráth Caola
Cill Mocheallóg
Caisleán Uí Chonaill
Cromadh
Áth Dara
Eas Géitine
Tobar Phádraig
Cill Fhíonáin

Tá tuilleadh eolais ar Dhramhaíl Bhia Tí ar fáil anseo agus ar www.brownbin.ie.

Ar ais go barr

Dramhaíl Bia Tráchtála

Rialacháin

Cuirtear oibleagáid ar ghineadóirí tráchtála dramhaíola bia, mar fhoirgnimh stáit ina n-ullmhaítear bia, a gcuid dramhaíola bia a scaradh ag an bhfoinse agus é a chur ar fáil le bailiú ar leith ag bailitheoir dramhaíola údaraithe ag baint úsáide as an gcóras 3 araide.

Áirítear ar na háitribh seo:

  • Bialanna agus caiféanna
  • Ionad bia te
  • Ceaintíní
  • Óstáin agus tithe aíochta níos mó
  • Ospidéil
  • Ollscoileanna
  • Aerfoirt
  • Ollmhargaí

Naisc chuig tuilleadh eolais

Ar ais go barr

Mionbhristeoirí / Meilteoir Dramhaíola

Tá mionbhristeoirí dramhaíola bia (meilteoir dramhaíola) suiteáilte ag roinnt gnóthaí a cheanglaíonn le haonaid doirteal.

Tá cosc ar úsáid na bhfeistí seo agus gléasanna eile dá leithéid chun dramhaíl bia a dhiúscairt isteach sa chóras séarachais nuair a bhíonn seirbhís bailithe dramhaíola bia ar fáil.

Tá feidhm ag an bhforáil seo, is cuma ar eisíodh ceadúnas doirte faoin Acht um Thruailliú Uisce a ligeann d’eisilteach bia dul chuig séarach.

Arís, déantar é seo chun a chinntiú go gcoinsínítear dramhaíl bia chuig athchúrsáil agus chun baic sa chóras draenála a sheachaint freisin.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Dramhaíl Bia) 2009 cliceáil anseo.

Ar ais go barr