Plaistigh Feirme

Is é Grúpa Táirgeoirí Scannán Feirme na hÉireann (IFFPG) scéim comhlíontachta na hÉireann chun plaistigh feirme a athchúrsáil.

 

Tá plaistigh sadhlais le haghaidh sadhlas poill agus sadhlas burláilte i gceist le plaistigh feirme. Áirítear leo freisin málaí leasacháin, málaí mine, coimeádáin cheimiceacha, líontán agus sreangán, agus is catagóirí iad go léir a bhailítear agus a athchúrsáiltear ina dhiaidh sin.

Chun iarratas maidir le bailiúchán a chur in áirithe, déan teagmháil le IFFPG ag 01 4089966. Féach tuilleadh eolais ar www.farmplastics.ie.

Chomh maith le hiarratas maidir le bailiúcháin, socraítear pointí bailiúcháin i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla ar fud an earraigh agus an tsamhraidh ar fud na tíre.

Cliceáil anseo le haghaidh liosta iomlán de na pointí bailiúcháin ar fud na tíre.

Chun ullmhú le haghaidh athchúrsáil coimeádáin cheimiceacha, féach le do thoil ar Threoir Dea-Chleachtais an EPA. Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais.

Tabhair faoi deara le do thoil: Toirmisctear go dian plaistigh feirme agus gach cineál eile dramhaíola a dhó faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi dhramhaíl a dhó, cliceáil anseo.