Dramhaíl Tógála agus Scartála

Faoin reachtaíocht dramhaíola, sainmhínítear Dramhaíl Tógála agus Scartála mar gach dramhaíl a eascraíonn as gníomhaíochtaí tógála, athchóirithe agus scartála.

Tá ithir agus cloch, táirgí barrachais agus damáiste agus ábhair a eascraíonn ag oibreacha tógála nó a úsáidtear go sealadach le linn gníomhaíochtaí ar an láthair, in éineacht le cartadh dreideála i gceist. Is féidir leis na hábhair seo a bheith guaiseach. Féach thíos le do thoil le haghaidh doiciméad na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil ar Aicmiú Dramhaíola lena n-áirítear an Liosta Dramhaíola (Catalóg Dramhaíola Eorpach EWC roimhe seo) agus liosta eile de dhoiciméid treorach dramhaíola.

  • Más rud go bhfuil tú freagrach as tionscadal tógála agus scartála a dhéanamh, ní mór duit a chinntiú go bhfuil plean bainistíochta dramhaíola agat do gach dramhaíl a ghintear mar gheall ar an ngníomhaíocht seo AGUS a chinntiú go bhfuil sé deighilte ionas gur féidir í a athúsáid, a athchúrsáil nó a dhiúscairt mar is cuí.
  • I gcás nach féidir dramhaíl tógála nó scartála a athúsáid nó a athchúrsáil, ní mór an dramhaíl sin a iompar chuig áiseanna údaraithe dramhaíola agus úsáid á baint as seirbhísí bailitheoirí dramhaíola údaraithe.

Mar achoimre, beidh ort:

  • Déan meastachán ar an méid dramhaíola a ghinfear.
  • Ní mór dramhaíl a ghintear ar an láithreán a dheighilt de réir an chineáil dramhaíola atá ann, nuair is féidir.
  • Ba chóir na rudaí seo a leanas a dhéanamh do gach dramhaíl a aistrítear den láithreán, ithir agus cloch san áireamh:
  • Ní mór taifid a choinneáil ar an láthair chun a chruthú gur bainistíodh an dramhaíl mar is ceart. Moltar na taifid seo a choinneáil ar feadh 7 mbliana ar a laghad.
  • Is féidir Pleananna Bainistíochta Dramhaíola a bhfuil críochnaithe a chur ar aghaidh chuig an seoladh seo:

Waste Management, Planning and Environmental Services
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Tuar an Daill
Luimneach
V94 WV78

Ríomphost: CandDwaste@limerick.ie

 

Naisc Úsáideacha:

Resources | Environmental Protection Agency (epa.ie)