Ceadanna Bailithe Dramhaíola

Ceanglaítear ar aon duine a bheartaíonn dramhaíl a bhailiú ar mhaithe le luach saothair, d’fhonn brabús nó eile le linn gnó, Cead Bailithe Dramhaíola a shealbhú (Alt 34, den Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996).

Ar 1 Feabhra 2012, ainmníodh Comhairle Contae Uíbh Fhailí mar an tÚdarás Ainmnithe chun próiseáil a dhéanamh ar gach iarratas nua ar chead bailithe dramhaíola, agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar iarratais a fuarthas ar an dáta sin nó ina dhiaidh. Tabharfar an Oifig Náisiúnta do Cheadanna Bailithe Dramhaíola (NWCPO) ar an Údarás Ainmnithe aonair seo.

Conas a dhéanaim iarratas ar Chead Bailithe Dramhaíola?

Tá foirm iarratais ar Chead Bailithe Dramhaíola ar fáil le híoslódáil ag. www.nwcpo.ie.
Is féidir leat foirm a iarraidh freisin trí:

Ríomhphost: nwcpo@offalycoco.ie
Fón: 057 9357428

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an bpróiseas iarratais, cliceáil anseo.
 

Forfheidhmiú Coinníollacha Cheada Bailithe Dramhaíola

Cé gurb í Comhairle Contae Uíbh Fhailí an tÚdarás atá freagrach as Cead Bailithe Dramhaíola a eisiúint in Éirinn, tá Aonad Forfheidhmithe Dramhaíola gach Údarás Áitiúil freagrach as coinníollacha cheada na mbailitheoirí a oibríonn laistigh dá limistéar riaracháin a fhorfheidhmiú. Tá an t-aonad seo, in éineacht leis an aonad Bainistíochta Bruscair freagrach freisin as dul sa tóir ar bhailitheoirí dramhaíola neamhúdaraithe i.e. iad siúd a bhailíonn dramhaíl gan cead bailithe dramhaíola.

Tá liosta de na sealbhóirí cheada údaraithe ar fáil anseo.

Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le do thoil leis na Seirbhísí Pleanála agus Comhshaoil.