Bainistíocht Dramhaíola Eastóscach

Ciallaíonn dramhaíl eastóscach dramhaíl ó na tionscail eastóscacha, dramhaíl a eascraíonn as sirtheoireacht, eastóscadh, cóireáil agus stóráil acmhainní mianraí.

Sainmhínítear dramhaíl in alt 4 den Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996, arna leasú, mar aon substaint nó rud a chaitheann an sealbhóir i leataobh nó a gceanglaítear air an sealbhóir a chaitheamh i leataobh. Tabhair faoi deara le do thoil go mbeidh imthosca ann nach dramhaíl é an t-ábhar agus, más amhlaidh an cás, ní bheidh feidhm ag na Rialacháin maidir leis an ábhar sin - is é an rún é a dhiúscairt an fachtóir spreagtha.

Céard atá i gceist le tionscail eastóscacha?

Ciallaíonn tionscail eastóscacha gach bunaíocht agus gnóthas atá ag gabháil d’eastóscadh dromchla nó faoi thalamh d’acmhainní mianraí chun críocha tráchtála, lena n-áirítear eastóscadh trí thollphoill a dhruileáil, nó cóireáil an ábhair eastósctha.

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil le haghaidh tuilleadh eolais.