Páirceanna agus Tírdhreach

Tá thart ar 450 acra de spás oscailte poiblí i gCathair Luimnigh amháin, déantar cuid den talamh seo a chothabháil go gníomhach de réir mar a bhíonn fearann páirce poiblí agus ceantair eile á bhforbairt, mar shampla, mar fhoraoiseacht uirbeach agus mar tearmann fiadhúlra.

Flowers displays in Limerick City

Páirceanna agus Spásanna Oscailte

Coinníonn Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh roinnt páirceanna poiblí ar fud na cathrach agus an chontae. Chun teacht ar liosta iomlán de pháirceanna poiblí cliceáil anseo.

Charlott's Quay Abbey River

Taispeántais Bláthanna

Táirgeann an tSeirbhís Páirceanna na mílte plandaí leaba gach bliain le haghaidh maisiú cathartha. Tá siad seo curtha inár bpáirceanna poiblí, coimeádáin sráide, ciseáin crochta agus timpealláin. Mar chuid dár gClár Feabhsúcháin Cathrach, cuireadh tús le tionscadal Droichid faoi Bhláth i 2003. Tá ciseáin crochta curtha ar cheithre cinn de dhroichid na cathrach i rith mhíonna an tsamhraidh gach bliain ó:

  • Droichead Pháirc an tSáirséalaigh
  • Droichead Thuamhumhain
  • Droichead Mhatha
  • Droichead an Bhaoil
Arthurs Quay Park

Plandáil Crann

Tá baint ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh le coillearnacha a fhorbairt sa timpeallacht uirbeach le blianta fada agus tá clár bliantúil plandála crann acu don chathair. Cuirtear crainn i bpáirceanna, i reiligí, feadh na bpríomhbhóithre agus ar thimpealáin. Déantar plandáil gach bliain idir Nollaig agus Márta, agus déantar bearradh ag an am seo chun fad saoil agus sábháilteacht na gcrann a fheabhsú.

Pictured at Mungret Park and Playground were Aoife Carroll and Lexie O'Donoghue. Picture: Alan Place

Clóis Súgartha do Pháistí i bPáirceanna Poiblí

Tá súgradh poiblí curtha ar fáil i bPáirc Shráid an Chláir, i bPáirc an Phobail agus i bPáirc Shíol Bhroin. 

Tá gach clós súgartha deartha agus deimhnithe le húsáid ag an gCumann Ríoga um Thimpistí a Chosc (RoSPA), do leanaí idir 4 agus 12 bliana d'aois.

Chun teacht ar liosta iomlán de na clóis súgartha cliceáil anseo.