Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha

D’éirigh leis an tobhach ar mhálaí plaisteacha chun muidne a spreagadh lenár n-iompraíocht a athrú agus málaí siopadóireachta in-athúsáidte a úsáid.

Ná déan dearmad go bhfuil rath leanúnach an tobhaigh ag brath go mór ar chomhoibriú na hearnála miondíola go léir, mar sin má fheiceann tú go bhfuil siopa nach gcuireann táille ar mhálaí, cuir é in iúl dúinn le do thoil ionas gur féidir linn é a fhiosrú.

Ná déan dearmad do mhála siopadóireachta in-athúsáidte féin a thabhairt leat agus tú ag siopadóireacht. Maíonn go leor málaí páipéir, atá ar fáil i siopaí áise, go bhfuil siad in-athchúrsáilte ach i ndáiríre, is cur amú acmhainní iad agus is i láithreáin líonta talún a chríochnaíonn siad sa deireadh.

Déan tuairisc ar bhunaíochtaí nach ndéanann miondealú ar an tobhach ar d'admháil – is é 22 cent an tobhach reatha.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi mhálaí plaisteacha agus an timpeallacht, cliceáil anseo.