Maolú ar an Athrú Aeráide

Tagraíonn maolú do na beartais agus na cleachtais atá riachtanach chun ráta na n-astaíochtaí gáis cheaptha teasa a bhaineann le gach gníomhaíocht shóisialta & eacnamaíoch a laghdú.

Aithnítear go bhfuil feiniméin an téimh athraithe aeráide de dhéantús an duine, agus gur féidir le beartais maolaithe chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú stop a chur le ráta an téimh aeráide seo agus b’fhéidir é a aisiompú.

Táthar ag tabhairt aghaidh ar ghníomhartha maolaithe ar fud an domhain faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCC). Tá an chéad Chomhdháil na bPáirtithe eile chun fadhbanna an Athraithe Aeráide a phlé ar siúl i bPáras i mí na Nollag 2015.

Fuinneamh & Athrú Aeráide 2020 an AE

Is é an rud atá i gceist leis an bpacáiste 2020 ná chun áirithiú go gcomhlíonann an AE a spriocanna aeráide agus fuinnimh don bhliain 2020.

Leagtar amach trí phríomhsprioc sa phacáiste :

  • Laghdú 20% ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa (ó leibhéil 1990)
  • 20% d’fhuinneamh an AE ó fhoinsí in-athnuaite
  • Feabhas 20% ar éifeachtacht fuinnimh

Leag ceannairí an AE amach na spriocanna i 2007 agus achtaíodh iad i reachtaíocht i 2009. Is príomhspriocanna iad freisin sa straitéis Eorpach 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach.

Spriocanna Éireannacha

Éifeachtúlacht Fuinnimh

Leagann Rialtas na hÉireann amach i bPáipéar Bán an Rialtais in 2007, Todhchaí Inbhuanaithe Fuinnimh a Sheachadadh d’Éirinn, sprioc d’fheabhsú 20% ar éifeachacht fuinnimh ar fud an gheilleagair ar fad faoi 2020. Chomh maith leis sin, luann an Páipéar Bán uaillmhian chun dul thar sprioc an AE de 20%, le sprioc tháscach de 30% d’éifeachtacht fuinnimh faoi 2020. Tá an tseirbhís phoiblí le ról eiseamláireach a ghlacadh in éifeachtacht fuinnimh, le sprioc choigiltis de 33% faoi 2020.
 
Fuinneamh In-athnuaite

An sprioc iomlán maidir le fuinneamh in-athnuaite de 16% den úsáid deiridh iomlán le teacht ó fhuinneamh in-athnuaite i 2020.

Beidh an sprioc seo comhdhéanta de ranníocaíochtaí ó fhuinneamh in-athnuaite sa leictreachas (RES-E), fuinneamh in-athnuaite san iompar (RES-T) agus fuinneamh in-athnuaite teasa agus fuaraithe (RES-H).

Tá spriocanna aonair ann freisin do RES-E, RES-T agus RES-H.

Tá na spriocanna seo mar seo a leanas:

  • Ranchuidiú foinsí in-athnuaite fuinnimh le holltomhaltas leictreachais 15% faoi 2010 agus 40% faoi 2020.
  • Ranchuidiú foinsí in-athnuaite fuinnimh (bithbhreoslaí agus an chuid in-athnuaite den leictreachas) le fuinneamh iompair 3% faoi 2010 agus 10% faoi 2020.
  • Rannchuidiú in-athnuaite le teas (Ceanglas teirmeach - téamh & fuarú) de 5% faoi 2010 agus 12% faoi 2020

Laghdú ar Ghás Ceaptha Teasa

Ba é gealltanas dlí na hÉireann faoi Phrótacal Kiótó, fás an Gháis Cheaptha Teasa (GCT) bliantúil a theorannú go 13% os cionn leibhéil 1990 faoin tréimhse 2008 go 2012. Níor chomhlíon Éire an comhaontú seo.

Ghlac rialtas na hÉireann an sprioc Eorpach de laghdú 20% ar astaíochtaí GCT i gcomparáid le leibhéil 2005 faoi 2020.

An Bille um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin na hÉireann - 2015.

Tá go leor fadhbanna a bhfuil gá d’Éirinn aghaidh a thabhairt orthu mar fhreagra ar mhaolú ar an athrú aeráide. Ghlac an rialtas leis an mBille um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin 2015. Faoin mBille seo tá sainchoiste comhairleach bunaithe chun scrúdú a dhéanamh ar bheartais agus ar ghníomhartha na hÉireann chun aghaidh a thabhairt ar mhaolú ar an athrú aeráide. Faoin mBille, rachaidh an rialtas i gcomhairle freisin agus foilseoidh sé Plean Maolaithe Náisiúnta.