Chuir Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh fáilte roimh léirithe spéise ó ghrúpaí pobail áitiúla a bhí ag súil go n-ainmneofaí iad do Chomórtas Pride of Place an IPB 2024 i gcomhar le Comhoibriú na hÉireann.
Reáchtáiltear an comórtas bliantúil uile-oileáin seo i gcomhar le húdaráis áitiúla agus tá sé mar aidhm aige aitheantas a thabhairt d’fheabhsuithe atá déanta ag pobail áitiúla chun mórtas cathartha a chruthú ina gceantar. Déanann an Comórtas Pride Of Place ceiliúradh ar iarrachtaí na bpobal ar fud na hÉireann, a n-áit a dhéanamh mar an áit is fearr le cónaí ann. Is é fócas an chomórtais ná daoine ag teacht le chéile chun saol laethúil na ndaoine ina bpobail a mhúnlú, a athrú agus a fheabhsú.
- Buaiteoirí Roimhe Seo
- Próiseas an Chomórtais 2024
- Critéir Iontrála 2024
- Chun cuir isteach air
- Dáta Deiridh
Buaiteoirí Roimhe Seo
D'éirigh Luimneach go maith leis an gcomórtas seo go dtí seo. Ba iad buaiteoirí an chomórtais a bhí ag Luimneach roimhe seo:
-
2023 - Tionscadail Phobal Chill Íde, Buaiteoir Chéad Áit sa chatagóir Daonra <500, mar aon le duaiseanna an dara háit MOL Chnoc Theas, sa chatagóir Comharsanachtaí Uirbeacha/ Sráidbhailte <3000
-
2022 – Ionad Óige an Chinn Thiar, Buaiteoir Chéad Áit sa Tionscnamh Pobalbhunaithe don Óige, mar aon le duaiseanna an dara háit d’Ionad Pobail Pharóiste Mhainchín sa chatagóir Athléimneacht Phobail agus CLG Chomhairle Pobail an Ghleanna Rua/Bhaile Uí Argáin sa chatagóir Daonra 300 – 1,000
-
2021 – Draw Out Luimnigh, An dara háit sa chatagóir Tionscnamh Áit Chruthaitheach agus Comharchumann Forbartha Loch Goir, an dara háit sa chatagóir Tionscnamh Turasóireachta Pobail
-
2020 – Tionscadal Comhtháthaithe Réamhshóisialta Ráth Caola, Buaiteoir an Chéad Áit sa chatagóir Daonra 1,000 – 2,000
-
2019 – Comhairle Pobail Mhainistir na Féile, an dará háit sa chatagóir Daonra 2,500 – 5,000
- 2018 – Buaiteoir Chéad Áit, The Children’s Grief Centre faoin Tionscnamh Pobail Lamh Shíneadh, mar aon le duaiseanna an Dara hÁit d’Iontaobhas Cathartha Luimnigh sa Tionscnamh Áit Chruthaitheach agus Chill Míde sa chatagóir Daonra 0 – 300.
Próiseas an Chomórtais 2023:
- Iarrtar ar ghrúpaí ar spéis leo é a bheith á mbreithniú le haghaidh ainmniúcháin an fhoirm Léirithe Spéis riachtanach a chomhlánú, i dteannta grianghraif iontrála, féach ar an nasc thíos, agus í a sheoladh ar ais roimh Dé h-Aoine, 26ú Aibreán 2024.
- Déanfar na Léirithe Spéis a mheas, de réir chatagóire, bunaithe ar chritéir Chomhoibriú na hÉireann.
- Cuirfear in iúl d’iarratasóirí an bhfuil siad roghnaithe chun dul san iomaíocht ag leibhéal uile-oileáin faoin Céadaoin, 8ú lá Bealtaine 2024.
- Beidh ar ghrúpaí ainmnithe aighneacht achoimre a dhéanamh faoin Aoine, 7ú lá Meitheamh 2024.
- Tabharfar breithiúnas ar iarratasóirí ar a n-aighneacht mhionsonraithe.
- Searmanas bronnta– Dé Sathairn, 2 Samhain 2024.
Ní fhéadfaidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ach grúpa amháin a ainmniú in aghaidh an chatagóir agus 5 ghrúpa ar a mhéad san iomlán.
Critéir Iontrála 2024:
Freastalaíonn an comórtas ar Phobail Uirbeacha agus Tuaithe le catagóirí éagsúla iontrálaithe.
Catagóir | Daonra |
1 | 0 - 300 |
2 | 300 - 1,000 |
3 | 1,000 - 2,000 |
4 | 2,000 - 5,000 |
5 | Daonra Os Cionn 5,000 |
Catagóir | Téama |
6 | Pobail Chruthaitheacha |
7 | Gníomhú ar son na hAeráide & Bithéagsúlacht |
8 | Tionscnamh na nÓg Pobail |
9 | Pobail Chuimsitheacha |
10 | Tionscnamh Folláine Pobail |
11 | Tionscnamh Turasóireachta Pobail |
12 | Pobail a Thacaíonn le Daoine Breacaosta |
Catagóir | Neamh-Dhaonra |
*13 | Comharsanachtaí Uirbeacha / Eastáit Tithíochta |
* Níl an chatagóir is deireanaí atá ainmnithe sainiúil don daonra
Comórtas Cathracha | |
Catagóir | Daonra |
1 | Comharsanachtaí Uirbeacha / Sráidbhaile faoi 3,000 |
2 | Comharsanachtaí Uirbeacha / Sráidbhaile os cionn 3,000 |
Catagóir | Téama |
3 | Pobail Chruthaitheacha |
4 | Gníomhú ar son na hAeráide & Bithéagsúlacht |
5 | Tionscnamh na nÓg Pobail |
6 | Pobail Chuimsitheacha |
7 | Tionscnamh Folláine Pobail |
Chun cuir isteach air:
Comhlánaigh, le do thoil, an foirm Léirithe Spéis agus cur ar aghaidh í (trí ríomhphost más féidir) chuig prideofplace@limerick.ie
Chun tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig prideofplace@limerick.ie
nó trí phost chuig :
Oifigeach Idirchaidrimh Pride of Place
An Roinn Forbartha Pobail
Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
Cé na gCeannaithe
Luimneach
V94 EH90
Dáta Deiridh
Is é an dáta deiridh chun léiriú spéise a fháil ná am scoir gnó Dé h-Aoine, 26ú Aibrean 2024.