Tá City Engage mar chuid den tionscadal +CityXChange arna mhaoiniú ag Clár Taighde agus Nuálaíochta Fís 2020 an Choimisiúin Eorpaigh.
Féachann City Engage le tuiscint na saoránach ar an tionscadal a mhéadú trí fheasacht a ardú ar choincheapa dearfacha fuinnimh agus le himeacht ama a chumasú do shaoránaigh gníomhartha dearfacha fuinnimh a ghlacadh chun a lorg carbóin a laghdú.
Féachann City Engage freisin le comhoibriú a mhéadú idir a shaoránaigh agus Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh chun réitigh nuálacha ar dhúshláin laistigh den chathair a chomhchruthú.
Cuirfidh toradh na ngníomhaíochtaí rannpháirtíochta ar chumas na bpobal a bhfís do thodhchaí Luimnigh a roinnt le cinnteoirí údaráis áitiúil, agus cabhróidh sé le comhpháirtithe tionscadail an tionscadal +Cityxchange a chur chun cinn chun Luimneach a athrú go cathair ísealcharbóin.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ghníomhaíochtaí City Engage, cliceáil anseo.