Aonad Turasóireachta

Is é Daoine, Áit agus Beartas, Fás na Turasóireachta go dtí 2025 beartas náisiúnta turasóireachta an Rialtais agus leagann sé amach spriocanna uaillmhianacha don turasóireacht in Éirinn.

Tá an polasaí tiomanta do "ról feabhsaithe d’Údaráis Áitiúla agus aitheantas a thabhairt don mhéid a chuireann pobail le turasóireacht”.

Straitéis Forbartha Turasóireachta forbartha ag Roinn Turasóireachta Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh do Luimneach.
 

Aidhmeanna na Straitéise Forbartha Turasóireachta

  • Méadú ar líon na gcuairteoirí intíre agus thar lear (agus ioncam) go Luimneach
  • Eispéiris turasóireachta a fhorbairt sa Chathair agus sa Chontae
  • Suíomh Luimnigh ar Réigiún Shlí an Atlantaigh Fhiáin a uasmhéadú (is tairseach í Cathair Luimnigh chuig Slí an Atlantaigh Fhiáin)
  • Leanúint ar aghaidh ag obair le Comhlachtaí Forbartha Áitiúla, comhpháirtithe trádála agus príomhpháirtithe leasmhara agus na caidrimh seo a fhorbairt chun eispéiris agus tairiscint turasóireachta i Luimneach a fheabhsú
This service is provided by

Tourism

Phone +353 61 556000