Is mórthionscnamh iompair phoiblí é Connecting Ireland arna fhorbairt ag an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) agus é mar aidhm nascacht a mhéadú, go háirithe do dhaoine a bhfuil cónaí orthu lasmuigh dár gcathracha agus dár mbailte móra. Tá sé mar aidhm ag an bplean feabhas a chur ar shoghluaisteacht i gceantair thuaithe, agus déanfaidh sé é seo trí naisc níos fearr a sholáthar idir sráidbhailte agus bailte trí na ceantair seo a nascadh le líonra réigiúnach feabhsaithe a nascann cathracha agus lárionaid réigiúnacha ar fud na tíre.