Déanann Airtricity cothabháil soilsiú poiblí faoi chonradh.
Más mian leat solas poiblí as feidhm a thuairisciú i do cheantar déan teagmháil le do thoil le Airtricity, trína Lárionad Glaonna ar Shoilse Poiblí ar 1800 372772 / 1850 372772, nó ar shuíomh Gréasáin Airtricity.
Chun do ghlao a logáil le haghaidh deisiúcháin, beidh an t-eolas seo a leanas ag teastáil:
- Ainm teagmhála agus uimhir theileafóin
- An uimhir solais (uimhir dhá dhigit ar an gcuaille)
- Suíomh
Úsáideann Airtricity láithreán gréasáin Deadsure chun lochtanna do Shoilsiú Poiblí a rianú agus a logáil. Déanann na conraitheoirí ábhartha tuairiscí agus deisiúcháin a nuashonrú beo. Is féidir lochtanna a logáil go díreach ar líne agus a rianú chun nuashonruithe ar stádas deisiúcháin a fheiceáil agus freisin is féidir soilse a sheiceáil chun féachaint an bhfuil an locht logáilte ar an gcóras cheana féin.