Tá Straitéis Iompair Mórcheantar Uirbeach Luimneach Sionainn (SIMULS) foilsithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair.
Leagann an Straitéis seo amach an creat do sheachadadh an chórais iompair a theastaíonn chun forbairt Mórcheantar Uirbeach Luimneach Sionainn a chur chun cinn mar chroílár forbartha agus athnuachana cultúrtha agus sóisialta; mar chroílár eacnamaíoch an tIarthair Láir; mar aonad uirbeach aontaithe atá inbhuanaithe don chomhshaol; mar áit inar féidir le daoine de gach aois taisteal go háisiúil agus go sábháilte; agus áit a mheallann daoine, poist agus gníomhaíocht ó cheann ceann na hÉireann agus níos faide i gcéin.
D’ullmhaigh an ÚNI an SIMULS i gcomhar le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, Comhairle Contae an Chláir, agus Bonneagar Iompair Éireann. Ba ionchur tábhachtach freisin é comhoibriú Iarnród Éireann.
Bhí an SIMULS faoi réir 2 bhabhta iomlán de chomhairliúchán poiblí le linn a ullmhúcháin, agus breithmheas agus measúnú fairsing le linn a forbartha. Mar sin, cuimsíonn an SIMULS cur chuige cuimsitheach maidir le pleanáil iompair i Mórcheantar Uirbeach Luimneach Sionainn do thréimhse na straitéise bunaithe ar ardleibhéal anailíse teicniúil agus polasaí-bhunaithe agus ag ionchorprú aiseolas ó na próisis chomhairliúcháin phoiblí.
Tá an tuarascáil deiridh agus an doiciméid tacaíochta ar fáil le híoslódáil thíos.