Tá Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh mar chuid de Réigiún an Mheán-Iarthair (Luimneach, an Clár agus Tiobraid Árann) um Bainistíocht Móréigeandála.
Is iad na Príomhghníomhaireachtaí Freagartha agus baill de Réigiún an Mheán-Iarthair ná:
- Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh
- Comhairle Contae an Chláir
- Comhairle Contae Thiobraid Árann
- FSS an Iarthair
- An Garda Síochána
Tá réigiún an Mheán-Iarthair á bhainistiú ag Grúpa Stiúrtha Réigiúnach agus tacaithe ag Grúpa Oibre Réigiúnach.
Cuimsíonn an Grúpa Stiúrtha Réigiúnach pearsanra sinsearach ó gach Gníomhaireacht Príomhfhreagartha.
Is é príomhról an Ghrúpa Stiúrtha Réigiúnach ar Bhainistiú Móréigeandálaí ná na nithe seo a leanas a chinntiú.
- Déantar na gnéithe réigiúnacha ullmhachta atá leagtha amach sa Chreat a sheachadadh.
- Cuirtear buiséad bliantúil ar fáil chun tacú le gníomhaíochtaí ullmhachta réigiúnacha.
- Tá clár forbartha bainistíochta móréigeandála ar leibhéal réigiúnach ullmhaithe agus curtha i bhfeidhm.
- Déantar measúnú riosca ar leibhéal réigiúnach.
- Glactar céimeanna maolaithe cuí maidir le rioscaí tosaíochta.
- Plean do Chomhordú ar an Leibhéal Réigiúnach ullmhaithe.
- Deartar agus forbraítear Ionaid Chomhordaithe Áitiúla agus Réigiúnacha.
- Déantar athbhreithniú agus bailíochtú ar aschur ó mheasúnú ullmhachta gach Gníomhaireacht Phríomhfhreagartha.
Tá an Grúpa Oibre Réigiúnach freagrach as tacú leis an nGrúpa Stiúrtha Réigiúnach agus as bainistiú móréigeandálaí a chur chun cinn laistigh den réigiún. Tá an Grúpa Oibre Réigiúnach comhdhéanta de phríomhphearsanra i ngach Gníomhaireacht Príomhfhreagartha.