Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide Luimnigh 2024 - 2029

Leagtar amach i bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide Luimnigh 2024-2029 na príomhghníomhartha a thacóidh le Contae Luimnigh agus é ag aistriú go geilleagar atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050.

Ní hamháin go bhféachann gníomhartha an phlean ar conas is féidir le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a cuid oibríochtaí agus seirbhísí féin a athrú, ach tugann siad aghaidh freisin ar na heagraíochtaí eile ar féidir leis an gComhairle comhoibriú leo agus ar na tacaíochtaí is féidir léi a thabhairt do phobail áitiúla agus do dhaoine aonair.

Doiciméid um plean gníomhaíochta ar son na haeráide

Tá Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide Luimnigh 2024-2029 foilsithe ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh mar a cheanglaítear de bhun Alt 16 den Acht um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021. Tá sé mar aidhm ag an bplean Contae Luimnigh a chur mar cheannaire náisiúnta i ngníomhú ar son na haeráide agus cur le seachadadh éifeachtach gníomhaíochta aeráide ag leibhéil áitiúla agus ag leibhéil phobail, trí ghníomhaíocht áitbhunaithe.

Doiciméid um Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC)

Tá doiciméid a bhaineann leis an Measúnacht Straitéiseach Comhshaoil (MSC) de Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide Luimnigh 2024-2029 ar fáil thíos. Ba é cuspóir an MSC seo ná éifeachtaí comhshaoil suntasacha a d’fhéadfadh a bheith bainteach leis an bPlean a shainaithint, a mheasúnú agus a mhaolú, agus breithnithe comhshaoil a chomhtháthú in ullmhú, glacadh agus cur i bhfeidhm an Phlean.

Doiciméid um Measúnacht Chuí (MC)

Tá doiciméid a bhaineann le Measúnacht Chuí (MC) Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide na nÚdarás Áitiúil 2024 – 2029 ar fáil thíos. Ba é cuspóir an MC ná éifeachtaí díobhálacha suntasacha féideartha ar láithreáin Eorpacha ainmnithe a aithint, a mheasúnú agus a mhaolú.