Na freagraí ar gach cheist coitianta le feiceáil in aon áit shimplí amháin.
An féidir le Scoileanna páirt a ghlacadh i TLC9?
Sea, is féidir le scoileanna clárú a dhéanamh le Foireann Glantachán Luimnigh ag www.teamlimerickcleanup.ie.
An ndéanfar earraí a sholáthar dom le haghaidh mo ghlanadh suas?
Nuair a chláraíonn grúpa ag www.teamlimerickcleanup.ie cuirfidh TLC an fhaisnéis ábhartha in iúl go díreach ar théacsáil SMS leo siúd atá cláraithe mar an gcéanna agus a rinneadar gach bliain go dtí seo. Chun tacú leis an ngeilleagar ciorclach, is do ghrúpaí deonacha nua amháin a thabharfar bainteoirí bruscair, mar go mbeidh stoc ag grúpaí rialta ó ghlantacháin na mblianta roimhe seo. Iarrtar ar rannpháirtithe a bheith cothrom le dáta i gcónaí ar TLC9 ar an suíomh Gréasáin agus ar na meáin shóisialta.
Cuirfear ceannairí na ngrúpaí ar an eolas trí SMS maidir le cén áit agus cén uair a bheidh a gcuid pacaí ar fáil le bailiú. Scaipfear na pacáí chuig pointí bailithe ar fud na Cathrach agus an Chontae cúpla seachtain roimh Aoine an Chéasta.
Cad atá le déanamh agam má bhím as láthair agus mo soláthair TLC le bailiú agam?
Maidir le pacáistí nach bhfuil bailithe tar éis an lae bailithe ainmnithe, déanfaidh foireann an TLC teagmháil dhíreach théics le ceannairí na ngrúpaí.
Tabhair faoi deara: Ba chóir do gach grúpa gach iarracht a dhéanamh ar bhailiú ar an lá ar leith.
Cá háit a bhfágfaidh mé mo mhálaí bruscair tar éis an ghlanadh suas?
Baileoidh Mr. Binman an bruscar ó phointe bailiúcháin réamhshainithe nuair a bheidh bailiú an bhruscair curtha i gcrích. Seolfar téacs SMS faoi na pointí bailiúcháin réamhshainithe go díreach chuig ceannairí na ngrúpaí chun na sonraí ábhartha a chur in iúl go díreach leo siúd atá cláraithe mar an gcéanna leis na blianta go dtí seo.
Conas is féidir liom teagmháil a dhéanamh le foireann an TLC?
Má tá aon cheist agat faoi TLC9, seol rPhost chuig tlc@limerick.ie. Is féidir leat glaoch ar Sheirbhísí do Chustaiméirí ag Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ar +353 61 556000 nó trí rPhost ag customerservices@limerick.ie áit a bhfuil an Fhoireann Seirbhíse do Chustaiméirí thar a bheith sásta as déileáil le ceist ar bith agat.
Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoin TLC?
Tá tuilleadh eolais faoin TLC le fáil ag ár suíomh Gréasáin nó ar na leathanigh Facebook, Twitter agus Instagram againne.