Is féidir leat clárú anois le haghaidh an 8ú heagrán den ghlanadh aon lae is mó in Éirinn, Foireann Glantachán Luimnigh (Team Limerick Clean-Up TLC8). Beidh sé ar siúl ar Aoine an Chéasta, an 7 Aibreán 2023, ar fud chathair agus chontae Luimnigh.

I mbliana, iarrtar ar rannpháirtithe an TLC8 cara agus aon chomharsa nua sa phobal a thabhairt in éineacht leo chun páirt a ghlacadh ann d'fhonn contae níos glaine agus níos neamhdhíobhálaí don timpeallacht a dhéanamh as Luimneach . Beidh na cruinnithe tae is caife, a bhfuil móréilimh orthu i gcónaí, ar siúl tar éis an ghlantacháin freisin in áiteanna ar fud na cathrach agus an chontae.
Ghlach an líon is mó go dtí seo páirt i TLC7 anuraidh le breis agus 21,000 oibrí deonach ag bailiú 68 tonna bruscair. Tháinig na hoibrithe deonacha as gach aird an tsaoil, ó scoileanna, ó choláistí, ó chlubanna CLG agus ó Rugbaí Mumhan go gnólachtaí, carthanachtaí, tithe altranais agus daoine aitheanta ina measc.
Is tionscnamh arna urrú ag Ciste Carthanachta JP McManus í Foireann Glantachán Luimnigh agus tá na hoibrithe deonacha agus comhpháirtí an imeachtaí Mr. Binman tar éis os cionn 400 tona bruscair a bhailiú ó na sráideanna ó cuireadh tús léi sa bhliain 2015 – arb ionann é sin agus breis agus 14,500 araid rothaí tí.
Tugann Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh tacaíocht don TLC. Arna fhaomhadh ag Paul O’Connell, tá Mr. Binman, The Limerick Leader, The Limerick Post, I Love Limerick agus Limerick Live 95FM i measc na gcomhpháirtithe oifigiúla.